366 cás nua den choróinvíreas fógartha, coicís chinniúnach romhainn a deir NPHET

Tá imní léirithe ag NPHET arís maidir leis an ardú atá tagtha ar líon na gcásanna le roinnt laethanta anuas

366 cás nua den choróinvíreas fógartha, coicís chinniúnach romhainn a deir NPHET

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 11 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe. Is ó thús mhí na Samhna a bhásaigh gach duine díobh siúd.

Tá 366 cás nua den Covid-19 deimhnithe.

Tá imní léirithe ag NPHET arís maidir leis an ardú atá tagtha ar líon na gcásanna le roinnt laethanta anuas agus deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go mbeidh an choicís seo romhainn cinniúnach má táthar leis na srianta a mhaolú.

“Tá níos mó imní orm anois toisc nár éirigh linn leanúint leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh againn,” a deir an Dr Holohan. “Tá an meán cásanna thar chúig lá ardaithe ó 350 cás ar an 11 Samhain go dtí 424 cás inniu.

“Coicís atá againn anois chun leanúint lenár n-iarrachtaí scaipeadh an ghalair seo sa phobal a cheansú chomh maith agus is féidir linn. Dá ísle a bheidh an líon cásanna is fearr an tsolúbthacht a bheidh againn na srianta a mhaolú.”   

Bhain 34 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, 34 cás eile a bhí i gCorcaigh agus 17 cás a bhí i bPort Láirge.

15 cás nua a bhí i nGaillimh, 12 cás a bhí i gcontae na Mí, ocht gcás a bhí i Maigh Eo agus cúig chás a bhí i gCiarraí. 84 cás a bhí i mBaile Átha Cliath.

274 duine atá buailte ag an gcoróinvíreas atá sna hospidéil agus tá 31 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an ghalair sa stát mórán mar a chéile agus é imithe ó 120 cás in aghaidh gach 100,000 duine inné go dtí 121 inniu.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall agus é ardaithe go dtí 282. Tá an ráta i bPort Láirge anois ag 153.

Ráta 129 atá i gceist i gcontae na Mí, 123 atá i gCiarraí agus 113 atá i Maigh Eo. Ráta 86 atá i gCorcaigh agus ráta 85 atá i nGaillimh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh naonúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 549 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

427 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt, ardú 22 duine ó inné, agus 44 othar ar fad atá in aonad dianchúraim. Bhí 100% de na leapacha ansin lán inniu.

2,873 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 1,995 duine ó dheas den teorainn agus 878 duine ó thuaidh di.

116,397 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 68,686 cás ó dheas agus 47,711 ó thuaidh.

Fág freagra ar '366 cás nua den choróinvíreas fógartha, coicís chinniúnach romhainn a deir NPHET'