Am dúnta 8pm le tabhairt isteach do thithe tábhairne agus bialanna

D'fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna na srianta breise atá le tabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ráig seo den Omicron.

Am dúnta 8pm le tabhairt isteach do thithe tábhairne agus bialanna

3,628 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil srianta nua fógartha ag an Taoiseach Micheál Martin chun dul i ngleic leis an maidhm cásanna Omicron atá á tuar.

420 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 23 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 105 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná mar a bhí inné.

De réir anailís a rinneadh ar thástálacha PCR, dúirt an Roinn Sláinte tráthnóna go meastar gurb é an cineál Omicron den víreas a bhí i gceist le thart ar 35% de na cásanna a fógraíodh.

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna na srianta breise atá le tabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ráig seo den Omicron.

8pm an t-am dúnta a bheidh ag tithe tábhairne, bialanna agus ag imeachtaí beo go dtí an 30 Eanáir.

Mhol NPHET go mbeadh ar thithe tábhairne agus ar bhialanna dúnadh ag 5pm tráthnóna.

Beidh laghdú chomh maith líon na ndaoine atá ceadaithe ag ócáidí taobh istigh agus taobh amuigh, ag áireamh cluichí.

50% den líon daoine a d’fhéadfadh a bheith ann a bheidh ceadaithe ag imeachtaí taobh istigh agus 1,000 duine ar a mhéid a bheidh i gceist. 50% den líon daoine a d’fhéadfadh a bheith ann a bheadh ceadaithe ag ócáidí agus cluichí taobh amuigh agus 5,000 duine ar a mhéid a bheidh ceadaithe. Caithfidh bainiseacha a bheith críochnaithe ag meán oíche agus 100 duine a bheidh ceadaithe ag bainis.

Beidh ar ghartheagmhálaithe nach bhfuil an teanndáileog faighte acu fanacht amach ó dhaoine eile.

Dé Domhnaigh a thiocfaidh na srianta i bhfeidhm.

Dúirt an Taoiseach gur “contúirt mhór” a bhí san Omicron.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 1,887 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

312 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 34 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Léirigh figiúirí eile a foilsíodh go raibh an ráta scaipthe den Covid-19 níos airde i gConamara Theas ag tús mhí na Nollag ná mar a bhí sé ag aon phointe eile ó thús na paindéime. Chuaigh an ráta scaipthe ansin os cionn 1,000 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar den chéad uair.

Ráta scaipthe 1,092 a bhí i gceist i gConamara Theas sa tréimhse idir an 30 Samhain agus an 13 Nollaig agus 233 cás deimhnithe ann san achar sin. B’in ardú 17% ar na figiúirí a bhí luaite leis an gceantar an tseachtain seo caite.

Nuair a bhí an mhaidhm is measa den víreas ann ag tús na bliana seo, ráta idir 700-800 a bhí i gConamara Theas.

Ráta scaipthe os cionn 1,000 a bhí i gConamara Thuaidh sa tréimhse ag tús na míosa seo freisin. Cé gur laghdú beag a tháinig ar líon na gcásanna sa cheantar le seachtain anuas, ó 199 go dtí 174, bhí ráta 1,012 i gceist ann.

Ráta 1,305 an meánráta náisiúnta sa chéad chúpla seachtain de mhí na Nollag. Ní raibh ach dhá thoghcheantar Gaeltachta ar fud na tíre a raibh ráta scaipthe den Covid-19 ann níos airde ná sin.

Ráta 1,411 a bhí i gceist i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. De réir na staitisticí is deireanaí, 520 cás nua a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas, laghdú beag ón 531 cás a bhí luaite leis an gceantar i bhfigiúirí na seachtaine seo caite.

Tháinig laghdú freisin ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. Laghdú ó 476 go dtí 417 a bhí i gceist, ach bhí an ráta ag 1,337, níos airde ná an meánráta náisiúnta.

Fág freagra ar 'Am dúnta 8pm le tabhairt isteach do thithe tábhairne agus bialanna'