362 cás nua den choróinvíreas fógartha, ardú eile ar ráta an ghalair i nDún na nGall

Dún na nGall an t-aon chontae sa stát ina bhfuil an ráta an ghalair os cionn 300 agus níl ráta coicíse os cionn 200 ach ag contae amháin, Luimneach, mar a bhfuil ráta 201

362 cás nua den choróinvíreas fógartha, ardú eile ar ráta an ghalair i nDún na nGall

362 cás nua den Covid-19 atá deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna agus beirt eile a raibh an galar orthu básaithe.

145 ráta coicíse scaipeadh an ghalair, laghdú eile.

Tá 280 othar atá buailte ag an gcoróinvíreas sna hospidéil agus tá 38 díobhsan in aonad dianchúraim.

Bhain 48 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, 24 cás nua a bhí i gCorcaigh agus 17 cás nua a bhí i gCiarraí. 11 cás a bhí sa Ghaillimh, 11 cás a bhí i gcontae na Mí agus 11 cás a bhí i bPort Láirge. Naoi gcás nua a bhí i Maigh Eo.

Fógraíodh 90 cás nua i mBaile Átha Cliath.

Tá an ráta coicíse i nDún na nGall, an contae is measa atá buailte ag an ngalar faoi láthair, bailithe os cionn 300 arís. 301 an ráta coicíse i nDún nGall i gcomparáid le 285 inné.

Dún na nGall an t-aon chontae sa stát ina bhfuil an ráta os cionn 300 agus níl ráta coicíse os cionn 200 ach ag contae amháin eile, Luimneach, mar a bhfuil ráta 201.

Tá an ráta anois ag 172 i gcontae na Mí, 146 i gCorcaigh agus 151 i Maigh Eo. Ráta 142 atá i gCiarraí, 136 atá i bPort Láirge agus 108 atá i nGaillimh.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan go raibh cúrsaí ag feabhsú ach nach é seo an t-am na maidí a ligean le sruth maidir leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí.

Colm Henry, an HSE, Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

“Impím ar an uile dhuine iarracht mhór eile a dhéanamh líon na ngartheagmhálaithe a bhíonn acu a laghdú i gcomparáid leis an tseachtain seo caite, cloí leis an scoitheadh sóisialta agus na treoracha ríthábhachtacha eile i dtaobh na sláinte poiblí,” arsa an Dr Holohan.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh ochtar eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh gach duine acu. Deimhníodh 791 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

441 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 47  díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá páirtithe Stormont fós ag plé moltaí maidir leis na srianta atá i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann. Tá na srianta le scaoileadh Dé hAoine beag seo, an 13 Samhain, ach tá stop curtha ag an DUP le moladh coicís eile a chur leis na srianta ar earnáil an fháilteachais.

Thomas Byrne TD. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

2,775 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 1,965 duine ó dheas den teorainn agus 810 duine ó thuaidh di.

110,940 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 66,247 cás ó dheas agus  44,693 ó thuaidh.

Tá casadh eile curtha ag an tír ar thaoide Covid-19 agus an cuar maolaithe arís againn, a deir an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúirt an Dr Henry gur “a bhuíochas do gach uile dhuine sa tír” a rinneadh an dea-obair sin agus de bharr gur cuireadh srianta i bhfeidhm luath, ceacht a foghlaimíodh ó mhór-roinn na hEorpa.

“D’éirigh linn an taoide a chasadh arís agus an cuar sin a mhaolú,” a dúirt an Dr Henry.

“Tá líon na gcásanna ag titim, tá an ráta coicíse ag titim agus seachas i gceithre chontae, tá an ráta seachtaine ag titim. Ní hamháin sin ach tá níos lú éileamh ar thástálacha.

“Léiríonn sé sin ar fad gur thugamar aghaidh ar an víreas agus gur cheansaíomar é den dara huair,” a dúirt sé.

Thit an ráta coicíse cásanna sa tír 51% thairis mar a bhí sé sa gcoicís roimhe sin, an titim is mó san Eoraip.

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

I nDún na nGall is measa atá cúrsaí agus níor thit an ráta ansin ach 11%, d’ainneoin go raibh na srianta níos déine ansin ar feadh níos mó seachtainí.

Tá athrú déanta ag an Rialtas ar na rialacha maidir le cúrsaí taistil idirnáisiúnta. Ón 29 Samhain, daoine a bheidh ag taisteal ó thíortha “dearg” san Aontas Eorpach agus toradh diúltach faighte acu ar thástáil Covid-19, ní gá dóibh dul ar coraintín 14 lá. Má léiríonn tástáil a dhéanfar ar a laghad 5 lá tar éis dóibh teacht anseo nach bhfuil an víreas tolgtha acu, ní gá dóibh a gcuid taistil a srianadh agus fanacht sa bhaile.

Agus é ag caint ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt Thomas Byrne, an tAire Stáit a bhfuil freagracht Ghnóthaí Eorpacha air go bhfágfadh an córas nua go mbeadh an “doras oscailte”  don taisteal.

Idir €150 agus €200 a chosnóidh an tástáil.

Chinn an Rialtas go gceadófaí tástálacha Covid-19 ag aerfort Bhaile Átha Cliath as seo go ceann cúpla lá.

Léiríonn staidéar nua a rinne an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) nach mór do dhaoine a théarnaigh ón Covid-19 cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí i gcónaí mar go léiríonn an taithí idirnáisiúnta gur idir dhá mhí go sé mhí a mhaireann an imdhíonacht ón víreas.

Dúirt  Leas-Phríomhfheidhmeannach HIQA, an Dr Máirín Ryan,  News at One RTÉ inniu go bhféadfadh sé nach mbeadh aon vacsaín ábalta imdhíonacht bhuan a thabhairt do dhuine ach go mbeadh ar dhaoine dáileog bhreise a fháil ina dhiaidh sin.

Dúirt an Dr Ryan go raibh sé tábhachtach go dtuigfeadh daoine a tholg an víreas agus a tháinig uaidh go bhféadfaidís ráig eile a fháil agus dá bharr gur chóir dóibh cloí leis na treoracha sláinte céanna “Níl aon difríocht idir na treoracha do dhaoine a tholgann an víreas an athuair – an t-ionfhabhtú a sheachaint agus a rialú, féinleithlisiú a dhéanamh agus teagmhálaithe a chur ar an eolas” .

Fág freagra ar '362 cás nua den choróinvíreas fógartha, ardú eile ar ráta an ghalair i nDún na nGall'