35 imeacht agus gan aon cheann i nGaeilge – an seanscéal céanna

Is bocht an scéal é go bhfuil Féile Drámaíochta á reáchtáil i gcroílár na Gaillimhe agus gan fiú imeacht Gaeilge amháin mar chuid de

35 imeacht agus gan aon cheann i nGaeilge – an seanscéal céanna

An seanscéal céanna agus meirg air.

Tá os cionn 35 ócáid ar siúl mar chuid d’Fhéile Drámaíochta na Gaillimhe i mbliana, ach níl oiread is ceann amháin acu á reáchtáil trí Ghaeilge.

Dúirt Stiúrthóir na Féile, Aoife Noone, liom nach raibh lucht na féile in ann imeacht trí Ghaeilge a chur ar chlár na bliana seo, ach go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge mar chuid dá bplean straitéiseach trí bliana, a eiseofar go luath.

Gheall Aoife Noone, go mbeidh imeachtaí trí Ghaeilge mar chuid d’Fhéile 2023. Níl Aoife i bhfad ina Stiúrthóir agus b’fhéidir go mbeidh cur chuige éagsúil aici don fhéile an bhliain seo chugainn, ach tá sé deacair dóchas a bheith agat mar sin féin.

Is bocht an scéal é go bhfuil Féile Drámaíochta á reáchtáil i gcroílár na Gaillimhe agus gan fiú imeacht Gaeilge amháin mar chuid de.

Anuas air sin, reáchtálfar cuid de na himeachtaí sa Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge.

Is féile shuntasach í an Fhéile seo ar cheart go mbeadh an Ghaeilge mar chuid di, gan cheist ar bith. Ar ndóigh bíonn féilte drámaíochta á reáchtáil trí Ghaeilge ach creidim go láidir gur cheart go mbeadh áit ann fós sna féilte eile seo d’imeachtaí agus do dhrámaí Gaeilge.

Cén fáth nach mbeadh?

Is léiriú é ar an drochmheas atá ann ar an nGaeilge fiú i gcathair a bhfuil ceantar Gaeltachta mór ar leic an dorais aici. Ní dóigh liom go gcuirfeadh sé an oiread sin stró ar leithéidí Féile Drámaíochta na Gaillimhe dráma nó dhó trí Ghaeilge a chur ar stáitse, ach b’fhéidir go bhfuil dul amú orm. Tá drogall éigin ann, is cinnte, an Ghaeilge a chur san áireamh.

Pléadh an cheist seo ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an tseachtain seo, áit a raibh an Chomhairle Ealaíon i láthair chun plé a dhéanamh ar an tacaíocht a thugann siad don Ghaeilge.

Dúradh go raibh straitéis nua á hullmhú ag an gComhairle i leith na Gaeilge agus go mbeadh comhairle ann do lucht na bhféilte ealaíne faoi conas freastal mar is cóir ar an nGaeilge.

Ach b’fhéidir nach leor comhairle nó mealladh a thuilleadh agus gur gá anois dualgas cinnte a chur ar lucht na bhféilte áit a chur ar leataobh ina gcláir don Ghaeilge. B’fhéidir freisin gur chóir an dualgas teanga a bheith ceangailte leis an maoiniú a fhaigheann lucht na bhféilte ón gComhairle. Mar a tharlaíonn, faigheann Féile Drámaíochta na Gaeilge tacaíocht agus maoiniú ón gComhairle Ealaíon.

Agus cúrsaí mar atá, tá mé cinnte nach fada go bhfeicfidh mé clár ealaíona éigin eile nach mbeidh aon imeacht Gaeilge luaite ann. Ba dheas dá mba ábhar iontais sin ach ní hea.

Tá cuma mhaith ar Fhéile Drámaíochta na Gaillimhe, in ainneoin nach mbeidh an Ghaeilge mar chuid de. Seolfar an fhéile ar a sé a chlog Dé hAoine agus beidh club na féile ar siúl chuile oíche ar a naoi in Carroll’s ar Shráid Dhoiminic. Beidh drámaí ar nós Tart, Possessions, Adventure of a Nighttime agus Girl in a Cell á léiriú i rith na féile, chomh maith le ceardlann drámaíochta ar líne le Gavin Kostick. Tá mé ag súil le clár na bliana seo chugainn agus beidh le feiceáil an gcomhlíonfar gealltanas na stiúrthóra i leith na Gaeilge.

Fág freagra ar '35 imeacht agus gan aon cheann i nGaeilge – an seanscéal céanna'

  • Eoghan Ó Néill

    Sin dóigh mhaith chun an ghaelig a scuabadh amach as ár saol, ná tabhair aon deis dí bheith le clos ag na daoine mar b’fhéidir go spreagfadh sí chuimhne ar rud nach bhfuil glanta go hiomlán ó chroíthe Phobail na Fodhla.

  • Eilís Ní Anluain

    ‘Ach b’fhéidir nach leor comhairle nó mealladh a thuilleadh agus gur gá anois dualgas cinnte a chur ar lucht na bhféilte áit a chur ar leataobh ina gcláir don Ghaeilge. B’fhéidir freisin gur chóir an dualgas teanga a bheith ceangailte leis an maoiniú a fhaigheann lucht na bhféilte ón gComhairle.’ Tá ciall leis seo. Ní leor geallúintí agus dea-thoil.