34 duine marbh i mbliana de dheasca ghéarchéim drugaí Bhéal Feirste

Ní mór géarchéim drugaí Bhéal Feirste a fhuascailt go pras

34 duine marbh i mbliana de dheasca ghéarchéim drugaí Bhéal Feirste

34 marbh i mbliana.

Cailleadh 15 de na daoine seo le dhá mhí anuas, a bhformhór ar an tsráid. Bhí baint ag drugaí leis na cásanna go léir.

Dé Satharn seo caite ghlac na céadta páirt i mórshiúl go Halla na Cathrach ag éileamh gnímh faoin éigeandáil.

Ba iad ‘The People’s Kitchen’ agus carthanachtaí do dhaoine gan dídean a d’eagraigh an slógadh; bhí tacaíocht acu ón gceardchumann Unite.

D’éiligh na rannpháirtithe seirbhísí a mbeadh fáil go héasca orthu chun tacú le daoine goilliúnacha chomh maith le seomraí speisialta a bhféadfadh andúiligh drugaí iad a úsáid go sábháilte. Is daoine gan dídean le fadhbanna meabhairshláinte an-chuid de na handúiligh is mó atá i gcontúirt.

Ceapann daoine áirithe gur áiféis, uafás fiú, é a bheith ag iarraidh áit a chur ar fáil ina dtógfaí drugaí go sábháilte; den chuid is mó sin iad na daoine céanna a deir ‘caith i bpríosún iad’.

Ní freagra ciallmhar ar an bhfadhb é coiriú a dhéanamh ar na daoine is goilliúnaí murab ionann agus na coirpigh eagraithe atá ag scrios na sochaí le hearóin agus meascán scanrúil de dhrugaí eile. Is fíor go gcuireann na snáthaidí salacha agus trealamh eile a chaitear ar shráideanna i gceathrú na hardeaglaise, cearnóg an bhainc nó i seanbhosca teileafóin sa tsráid déistin ar dhaoine. Is fíor gur contúirt do pháistí iad. Is fíor freisin go bhfuil saol anróiteach, frithshóisialta na sráide istoíche sna ceantair a thaithíonn andúiligh, meisceoirí agus daoine gan dídean ag cur isteach ar ghnólachtaí. Tá bialanna, tábhairní agus ionaid siamsaíochta áirithe sa chathair á seachaint mar nár airigh daoine sábháilte ina gcóngar.

Is léir go bhfuil údar gearáin ag daoine ach is léir chomh maith go bhfuil géarghá le cabhair éifeachtach do na daoine soghonta ar an tsráid. Is iomaí scéal faoi theip an chórais a chloistear ó dhaoine muinteartha le hógánaigh a cailleadh de bharr drugaí. Is rímhinic a bhíonn liosta mór fada acu de na hiarrachtaí, in aisce, a rinneadh chun cabhair a fháil do mhac, iníon, deartháir no deirfiúr le meabhairghalar, galar dubhach nó tráma, chomh maith le spleáchas ar dhrugaí.

Maíonn speisialtóirí go mbíonn andúil i ndrugaí agus meabhairghalar fite fuaite lena chéile go rialta. Is annamh a bhíonn cóir leighis ar fáil don dá riachtanas in éineacht, mar aicíd amháin a bhfuil dhá ghné ag baint léi. Ní féidir a shéanadh nár éirigh le seift nó seirbhís ar bith a bhí ar fáil go dtí seo. Tá an fhianaise le feiceáil ar na sráideanna, sna reiligí agus san staidreamh brónach a bhfuil na céadta teaghlach ag déileáil leis.

Tá sé thar am ag cur chuige nua. Tá taighde déanta ag grúpaí abhus ar mhodhanna i dtíortha eile. Luaitear sampla na Portaingéile go háirithe. Bhí fadhb ollmhór ansin le hearóin sna nóchaidí ach chinn na húdaráis déileáil léi mar cheist sláinte. Tháinig na seirbhísí sláinte éagsúla le chéile, iad ag obair chun bás a sheachaint. Sin é an saghas plean atá á éileamh abhus – áit ina bhféadfaí drugaí a thógáil faoi mhaoirseacht, tástáil fola a dhéanamh, déileáil le créachta, baol ródháileog drugaí a aithint agus teacht ar an tseirbhís riachtanach; bheadh sé i gceist go mbeadh cabhair shíceolaíoch ar fáil freisin.

Bheadh sé dodhéanta a leithéid d’athrú polasaí a chur i bhfeidhm in éagmais Feidhmeannais nó Tionóil. Ní mór don aicme pholaitiúil a admháil go bhfuil sé riachtanach tabhairt faoina leithéid a thúisce is a éireoidh leo Stormont a chur ar ais ar a bhonnaibh.

Fág freagra ar '34 duine marbh i mbliana de dheasca ghéarchéim drugaí Bhéal Feirste'