34 bás eile fógartha, 473 cás nua den choróinvíreas deimhnithe

6,894 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,125 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,769 duine ó dheas di.

34 bás eile fógartha, 473 cás nua den choróinvíreas deimhnithe

Tá 34 duine a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 473 cás nua den ghalar a fógraíodh.

Maidir leis na básanna, bhain trí cinn acu le mí Aibreáin agus bhain ceithre cinn le mí an Mhárta. Mí Feabhra a tharla 19 acu, bhásaigh cúigear mí Eanáir agus i mí na Nollag a bhásaigh triúr eile.

212 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 53 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 17 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Máirt seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 679,844 duine agus an dara dáileog faighte ag 282,043 duine.

Bhain 30 den 473 cás den Covid-19 a fógraíodh inniu le Dún na nGall.

21 cás a bhí i Maigh Eo, 19 cás a bhí i gcontae na Mí, 18 cás a bhí i nGaillimh agus 14 cás a bhí i gCorcaigh. Níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge agus i gCiarraí.

Meánráta 145 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 193 atá i nDún na nGall agus tá an ráta i gcontae na Mí, 174, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 96 atá i Maigh Eo, 86 atá i nGaillimh agus 58 atá i gCorcaigh. Ráta 57 atá i bPort Láirge agus 31atá i gCiarraí, an tríú ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann níos luaithe tráthnóna go bhfuil beirt eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe de dheasca an víris.

113 cás nua den ghalar a deimhníodh. 99 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá deichniúr acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 806,005 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 181,814.

 6,894 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,125 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,769 duine ó dheas di.

358,224 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 240,192 cás ó dheas den teorainn agus 118,032 cás ó thuaidh di.

 

Fág freagra ar '34 bás eile fógartha, 473 cás nua den choróinvíreas deimhnithe'