337 cás nua fógartha, 89 othar sna hospidéil de dheasca an víris

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris

337 cás nua fógartha, 89 othar sna hospidéil de dheasca an víris

Tá 337 cás nua den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

89 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil agus 34 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 54 cás nua a deimhníodh.

20 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,053,150 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 666,957.

Ar a laghad 7,090 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,153 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

383,471 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 260,740 cás ó dheas den teorainn agus 122,731 cás ó thuaidh di.

Idir an dá linn, sheol an Rialtas a bPlean Téarnaimh Eacnamaíochta 2021 agus é mar aidhm leis postanna a chruthú agus borradh a chur faoin eacnamaíocht go gasta i ndiaidh na paindéime.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh tionchar a bhí “tobann agus nár tharla a leithéid riamh roimhe seo” ag an bpaindéim, tionchar a bhí níos mó ná aon rud eile seachas an dá chogadh mhóra. “Tá damáiste ollmhór le cur ina cheart,” a dúirt sé.

D’aontaigh an Rialtas pacáiste €3.6 billiún a chur ar fáil do thacaíochtaí agus bearta le borradh a chur arís faoin eacnamaíocht.

Faoin bPlean Téarnaimh seo ní ghlacfar le haon iarratas nua ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP) ó mhí Iúil agus tá sé i gceist tosú ag laghdú na rátaí íocaíochta ó thús mhí Mheán Fómhair.

An duine atá i dteideal an ráta is airde laghdófar a liúntas seachtaine ó €350 sa tseachtain go €300. An duine atá ag fáil €300 sa tseachtain faoi láthair, €250 a gheobhaidh ó thús Mheán Fómhair.

An té atá ar an ráta is ísle faoi láthair, €250 sa tseachtain, an liúntas céanna agus a fhaigheann cuardaitheoir poist, €203 sa tseachtain a bheidh aige.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh sé “róluath agus an-éagórach” cinneadh a dhéanamh an PUP a ghearradh san Fhómhar.

“Céard a tharla do ‘ar scáth a chéile a mhairimid’?” a d’fhiafraigh sí.

Dúirt Róisín Shorthall, comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta go mbeadh laghdú 40% ar ioncam na ndaoine sin nach n-éireoidh leo post a fháil roimh mhí Feabhra seo chugainn.

Leanfar leis an Scéim Fóirdheontais Pá agus le Scéim Tacaíochta Shrianta an Covid-19 go dtí deireadh na bliana.

Cloífear leis an ráta 9% cáin breisluacha d’earnáil na turasóireachta agus an fháilteachais go dtí an chéad lá de Mheán Fómhair 2022.

Tá bearta tacaíochtaí sa bplean téarnaimh seo d’earnáil na dtaibhealaíon beo chomh maith le scéim phíolótach a chinnteoidh go mbeidh bunráta ioncaim ag ealaíontóirí.

 

 

Fág freagra ar '337 cás nua fógartha, 89 othar sna hospidéil de dheasca an víris'