334 cás den Covid-19 deimhnithe, achainí déanta ar dhaoine óga aird a thabhairt ar an gcomhairle

Cé nach bhfuil ach an ceathrú cuid den daonra idir 15-34 bliain d’aois, is san aoisghrúpa atá 40% de na daoine a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu le dhá mhí anuas

334 cás den Covid-19 deimhnithe, achainí déanta ar dhaoine óga aird a thabhairt ar an gcomhairle

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna 334 cás nua den Covid-19.

Ní raibh aon bhás eile de dheasca an ghalair le fógairt inniu.

Bhain 174 den 334 cás nua le Baile Átha Cliath.

Bhain 34 cás le Corcaigh, bhí 18 cás i nDún na nGall agus bhain deich gcinn de na cásanna nua le Gaillimh. Sé chás nua a deimhníodh i Maigh Eo, sé chás a bhí i bPort Láirge agus bhain sé chás eile le contae na Mí.

Bhain 30 de chásanna an lae inniu le Cill Dara, deich gcinn a bhí i gcontae Lú, sé cinn a bhí i gcontae an Chláir, sé cinn a bhí i Ros Comáin agus cúig chás a bhí i Luimneach.

Bhain an 23 cás eile le 11 contae éagsúil.

Tá sé deimhnithe gur bhain 53% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.

Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 55 cás. Bhí 72% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.

D’impigh an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, ar dhaoine óga aird a thabhairt ar an gcomhairle sláinte phoiblí.

“D’ainneoin nach bhfuil ach an ceathrú cuid den daonra sa tír seo idir 15-34 bliain d’aois, is san aoisghrúpa atá 40% de na daoine a bhfuil an COVID-19 tolgtha acu le dhá mhí anuas. Ní haon iontas é sin mar is mó seans go mbeadh daoine san aoisghrúpa sin amuigh i measc an phobail, ag gabháil ar scoil, ag freastal ar ionaid ardléinn, nó ag obair agus ag coinneáil eacnamaíocht agus seirbhísí riachtanacha na tíre ag imeacht,” arsa an Dr Glynn.

Dúirt sé gur maith a thuigeann sé gur “iontach” an t-éileamh a rinneadh cheana agus atá á dhéanamh anois arís ar dhéagóirí agus ar dhaoine sna fichidí agus sna tríochaidí.

“Chuir an phaindéim seo isteach oraibh ó thaobh an oideachais agus na fostaíochta agus chuir sí as don saol sóisialta agus do bhur gcaidreamh le bhur gcairde. Rinne formhór mór agaibh an rud ceart – chloígh sibh leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus choinnigh sibh bhur gcairde agus bhur dteaghlaigh slán.

“Ach is measa atá an galar ag scaipeadh i measc daoine óga faoi láthair. Mar gheall air sin, tá mé ag impí oraibh cloí leis na srianta agus leis an gcomhairle sláinte phoiblí.

“Bígí in bhur n-eiseamláirí ag daoine eile. Laghdaígí an líon daoine a mbuaileann sibh leo, fanaigí dhá mhéadar amach ó dhaoine eile, nígí na lámha go maith agus go minic. I dteannta a chéile is maith ann gach gníomh dea-iompair.”

Tá 75 cás eile den choróinvíreas deimhnithe ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt ón lá inné.

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt acu.

963 cás den ghalar a cuireadh ar an taifead sa Tuaisceart le seachtain anuas.

Tháinig srianta nua i bhfeidhm ag 6pm tráthnóna inniu chun dul i ngleic leis an ardú ar líon na gcásanna.

Faoi na srianta nua tá cosc ar chuairteoirí chun an tí agus gan cead ach ag seisear ó dhá theaghlach ar a mhéid teacht le chéile i ngairdín príobháideach.

Roimhe seo is i mBéal Feirste agus sa Bhaile Meánach a bhí na srianta seo i bhfeidhm.

Meastar go mbeidh na srianta nua i bhfeidhm go ceann coicíse.

42,985 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 33,444  cás ó dheas den teorainn agus 9,541 cás ó thuaidh di.

2,369 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,792 duine ó dheas agus 577 ó thuaidh.

D’fhógair Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson srianta nua inniu chomh maith. Faoi na rialacha nua, beidh sé éigeantach feasta ag daoine atá ag obair i siopaí nó tithe tábhairne nó bialanna masc a chaitheamh. Tá laghdú déanta chomh maith ar líon na ndaoine a cheadaítear ag bainis agus tá cosc iomlán curtha ar spórt foirne faoi dhíon.

D’fhógair Johnson go ndúnfar na tithe tábhairne ag 10pm gach oíche agus dúirt sé go bhféadfadh na srianta nua a bheith i bhfeidhm go ceann sé mhí.

Tá líon na gcásanna den Covid-19 ag ardú ar fud na cruinne agus deir an Eagraíocht Dhomhanda, an WHO, go raibh níos mó cásanna sa domhan le seachtain ná mar a bhí aon seachtain roimhe seo.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón WHO deimhníodh 1,998,897 cás nua den ghalar sa domhan sa tseachtain dar críoch an 20 Meán Fómhair.

Ardú 6% ab ea sin ar an tseachtain roimhe agus b’ionann é agus an líon is airde cásanna in aon seachtain amháin ó thosach na paindéime.

Ardú 11% a bhí i gceist san Eoraip agus ardú 10% a bhí i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

In ainneoin go bhfuil ardú leanúnach ag teacht ar líon na gcásanna tá laghdú ag teacht ar líon na ndaoine atá ag fáil bháis de dheasca an ghalair. 37,700 bás a cuireadh ar an taifead sa domhan an tseachtain seo caite, laghdú 10% ar líon na mbásanna an tseachtain roimhe sin.

Tá an víreas tolgtha ag ar a laghad 31 milliún duine sa domhan ó thosach na paindéime agus tá 960,000 duine curtha den saol aige.

Fág freagra ar '334 cás den Covid-19 deimhnithe, achainí déanta ar dhaoine óga aird a thabhairt ar an gcomhairle'