330 post le cruthú i gcomhlacht idirnáisiúnta a bheas lonnaithe i Leitir Ceanainn

Dea-scéala do mhuintir na Gaeltachta, a deir Dinny McGinley

Letterkenny_2010

Rinneadh fógra fostaíochta ar maidin i Leitir Ceanainn i nDún na nGall go mbeidh 330 post le cruthú sa chomhlacht Pramerica as seo go 3 bliana.

Tháinig an t-aire Richard Bruton go Leitir Ceanainn ar maidin leis an dea-scéala a fhógairt. Tá Pramerica lonnaithe ar an bhaile ón bhliain 2000 ag cur tacaíocht teicneolaíochta ar fáil agus ag soláthar glao-ionad ansin.

Fochomhlacht iad den chomhlacht Prudential as Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá 1200 duine fostaithe ag an chomhlacht i Leitir Ceanainn mar atá; roinnt ag obair as an bhaile mar gheall ar easpa spáis san fhoirgneamh atá acu. Beidh ceithre cinn d’fhoirgnimh le tógáil ag Pramerica anois dá bhfostaithe úra.

Meastar go mbeidh Pramerica in ann cur lena líon fostaithe arís gan mhoill le hardú a dhéanamh go 1800 amach anseo.

Tá fáilte curtha ag Dinny McGinley roimh an scéala seo agus é ráite aige gur deis do dhaoine sa Ghaeltacht obair a fháil i Leitir Ceanainn atá ann.

Fág freagra ar '330 post le cruthú i gcomhlacht idirnáisiúnta a bheas lonnaithe i Leitir Ceanainn'