330 cás nua fógartha agus ochtar eile caillte de bharr an choróinvíris

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 369 cás nua deimhnithe acu agus go raibh 12 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe

330 cás nua fógartha agus ochtar eile caillte de bharr an choróinvíris

330 cás nua den choróinvíreas atá deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Tá ochtar eile a raibh an Covid-19 orthu caillte.

Bhain 28 den 330 cás nua inniu le Corcaigh, 25 cás a bhí i gcontae na Mí, 21 cás a bhí i nDún na nGall agus 15 cás a bhí i Maigh Eo.

Naoi gcás a bhí i bPort Láirge, sé chás a bhí i nGaillimh agus cúig chás a bhí i gCiarraí.

99 cás nua a deimhníodh i mBaile Átha Cliath.

283 duine atá buailte ag an gcoróinvíreas atá sna hospidéil agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an ghalair sa stát tite go dtí 113 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Ráta 266 atá i nDún na nGall, an ráta is airde sa tír. Tá an ráta i bPort Láirge anois ag 161 agus ráta 129 atá i gceist i gcontae na Mí.

Tá an ráta i Maigh Eo tite go dtí 96, 83 atá i gCiarraí, 73 atá i gCorcaigh agus 66 atá i nGaillimh.

Bhí ceardchumainn na múinteoirí ag iarraidh le seachtain go ndúnfaí na scoileanna dhá lá níos túisce ná mar is gnáth do shaoire na Nollag, an Aoine 18 Nollaig. Le misneach a thabhairt do phobal na scoile agus ionas go mbeadh deis ag oidí, daltaí is foireann eile an scoileanna féinleithlisiú a dhéanamh sula dtabharfaidís cuairt ar a ndaoine muinteartha Lá Nollag an t-údar leis an éileamh seo.

Dúirt an tAire Oideachais ag Coiste Oideachais an Oireachtais níos túisce an tseachtain nach ndéanfaí aon chiorrú ar an scoilbhliain ach amháin sa gcás go mbeadh aon ghéarchéim nua i gcúrsaí sláinte.

Ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta ar maidin inniu dúirt Séamus Ó Briain, príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair, nach raibh aon ráig acu sa scoil sin go fóill d’ainneoin Dún na nGall a bheith ar cheann de na contaetha is measa sa tír atá buailte ag an víreas. Dúirt sé gur oscail an phobalscoil níos túisce ag deireadh an tsamhraidh agus go raibh siad ábalta an cúpla lá sin a thógáil roimh an Nollaig.

Léiríonn anailís, a rinne na húdaráis sláinte phoiblí an mhí seo caite d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ach atá fós le foilsiú go bhfuil scoileanna sábháilte agus gur beag fianaise atá ann gur tholg oibrithe ná daltaí an víreas ar scoil. D’ainneoin an galar a bheith ag scaipeadh sa phobal i mí Dheireadh Fómhair, agus an scaipeadh sin níos measa i mBaile Átha Cliath, is beag den víreas a scaipeadh i measc gartheagmhálaithe múinteoirí ná daltaí.

Ceann de na moltaí a rinneadh sa tuairisc go dtacódh na páirtithe san oideachas leis na húdaráis agus gartheagmháil ag am sosa agus i seomra na foirne a choinneáil chomh híseal agus a d’fhéadfaí.

Deirtear sa tuairisc gur ghá a mheabhrú do dhaoine gur tugadh faoi deara “go raibh gartheagmháil idir daoine in amanna” ag imeachtaí am lóin agus am sosa, ciorcail chairdis, agus le linn dualgais fosaíochta. Is minic, a dúradh, gur sa seomra foirne a bhí líon suntasach de na gartheagmhálacha a aimsíodh.

Measann siad gur chóir na scoileanna a choinneáil ar oscailt ach cloí go docht leis na treoirlínte sláinte is sláinteachais. Bhí brú go leor ar na húdaráis sláinte phoiblí agus iad ag tacú le scoileanna ina raibh ráigeanna Covid-19 roimh shaoire na Samhna ach cuireadh cuidiú ar fáil ó rannóg na cigireachta sa Roinn Oideachais.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 12 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 369 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

445 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 38 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 99% de na leapacha ansin lán inniu.

2,931 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,018 duine ó dheas den teorainn agus 913 duine ó thuaidh di.

118,887 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 69,802 cás ó dheas agus 49,085 ó thuaidh.

Fág freagra ar '330 cás nua fógartha agus ochtar eile caillte de bharr an choróinvíris'