33 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 744 cás nua fógartha

Níos lú ná cúig chás nua a bhain le Dún na nGall agus le Ciarraí i bhfigiúirí an lae inniu

33 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 744 cás nua fógartha

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 33 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. I mí Feabhra a bhásaigh 31 de na daoine sin agus bhásaigh beirt díobh an mhí seo caite.

744 cás nua den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

861 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 159 acusan in aonad dianchúraim.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 176,926 duine agus an dara dáileog faighte ag 91,625 duine.

Bhain 77 de chásanna an lae inniu le Gaillimh, 37 cás a bhí i bPort Láirge agus 22 cás a bhí i Maigh Eo. 20 cás nua a bhí i gCorcaigh agus 20 cás eile a bhí i gcontae na Mí.

Níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i nDún na nGall agus i gCiarraí. Trí chás den Covid-19 ar an meán a deimhníodh gach lá i gCiarraí le cúig lá anuas. 14 cás ar an meán a deimhníodh i nDún na nGall.

Líon na Marbh
Ó Dheas 3,980
Ó Thuaidh 2,009
Iomlán 5,989
Líon na gCásanna
Ó Dheas 211,113
Ó Thuaidh 109,488
Iomlán 320,601

 

77 cás a bhí i nGaillimh, 40 a bhí i gCorcaigh, 37 a bhí i bPort Láirge agus 35 a bhí i Maigh Eo. 20 cás ar an meán a bhí i gcontae na Mí agus Corcaigh.

Meánráta coicíse 269 cás in aghaidh gach 100,000 atá i gceist sa stát faoi láthair. 

Tá an ráta i nGaillimh (343) anois ar an gceathrú ráta is airde sa stát agus tá an ráta is ísle i gCiarraí (96). Ráta 322 atá i bPort Láirge, 296 atá i gcontae na Mí, 266 atá i Maigh Eo, 190 atá i nDún na nGall agus ráta 151 atá i gCorcaigh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe. Deimhníodh 341 cás nua den ghalar ansin tráthnóna.

Tá 438,708 dáileog den vacsaín tugtha go dtí seo i dTuaisceart Éireann. Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 409,507 duine agus an dara dáileog faighte ag 29,201 duine.

5,980 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,000 duine ó thuaidh den teorainn agus 3,980 duine ó dheas di.

320,601 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 211,113 cás ó dheas den teorainn agus 109,488 cás ó thuaidh di.

Idir an dá linn, tá iarratas déanta ag an gcomhlacht cógaisíochta Meiriceánach Johnson & Johnson ar cheadúnas chun a vacsaín a úsáid san Aontas Eorpach agus ceaptar go mbeidh cinneadh déanta faoin vacsaín sin faoi lá na míosa seo chugainn.

Ní theastóidh ó dhuine ach snáthaid amháin den vacsaín seo  má cheadaíonn an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach a húsáid san Aontas Eorpach.

Tá 2.2 milliún dáileog de vacsaín Johnson & Johnson ordaithe ag Roinn Sláinte na tíre seo.

Dúirt rialtóir na háisíneachta inniu go bhféadfadh cinneadh a bheith déanta acu “faoi lar na Mhárta 2021, Má bhíonn sonraí an chomhlachta maidir le héifeachtúlacht, sábháilteacht agus caighdeán na vacsaíne cuimsitheach agus láidir”.

Tá práinn níos mó leis an vacsaín seo ó tharla moill a bheith ar sholáthar vacsaíní AstraZeneca, Pfizer/BioNTech agus Moderna.

Fág freagra ar '33 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 744 cás nua fógartha'