$33 billiún eile iarrtha ag Biden chun tacú leis an Úcráin

Dúirt Uachtarán SAM go mbeadh 'costas i bhfad níos mó' le híoc as an gcogadh dá ngéillfí don Rúis

$33 billiún eile iarrtha ag Biden chun tacú leis an Úcráin

D’iarr Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Theach na Comhdhála inniu, $33 billiún eile a chur ar fáil le cabhrú le fórsaí na hÚcráine atá ag cur i gcoinne ionradh na Rúise. 

Ag labhairt dó sa Teach Bán, dúirt Biden, “Ní troid ar bheagán costais an troid seo, ach má ghéilltear d’iompar bagrach is mó fós an costas a bhainfidh léi,” arsa Biden.

“Gach lá, is go daor a íocann muintir na hÚcráine as [an cogadh] agus is lena mbeatha a dhéanann siad é sin.”

Tá an $33 billiún beagnach dhá oiread níos mó ná an pacáiste tarrthála a ceadaíodh cheana, léiriú, a mheastar, go bhfuiltear den tuairim gur cogadh fada a d’fhéadfadh a bheith ann.

Ag géarú atá ar reitric na Rúise i dtaobh an chogaidh san Úcráin agus foláireamh eile tugtha acu don Eoraip.

Dúirt urlabhraí de chuid na Creimile go mbeadh cúrsaí slándála san Eoraip i mbaol dá dtosófaí ag cur airm mhóra ar fáil d’fhórsaí na hÚcráine. 

Bhí an t-urlabhraí ag caint i ndiaidh d’aire gnóthaí eachtracha na Breataine a rá go raibh sé riachtanach go mbeadh an lá leis an Úcráin sa chogadh. 

Tá ag géarú ar an gcaint ar an dá thaobh faoin gcogadh le tamall anuas.

Inné, dúirt Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, go raibh “na hacmhainní ar fad” ag an Rúis chun freagra a thabhairt ar aon ionsaí a dhéanfaí uirthi. Glacadh leis gur ag tagairt d’airm núicléacha na Rúise, a bhí sé.

Dúirt urlabhraí ó aireacht gnóthaí eachtracha, Maria Zakharova, go mbeadh tíortha an iarthair thíos leis dá leanfaidís orthu ag tabhairt ugaigh don Úcráin ionsaithe a dhéanamh ar thalamh na Rúise. 

Dúirt sí go raibh lucht an iarthair ag teacht i dtír ar Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, ar mhaithe leo féin. Dúirt sí gur cheart don iarthar éirí as a bheith ag cur na Rúise go bun a foighne agus bhagair sí leis go ndéanfaí ionsaithe ar pholaiteoirí agus oifigigh stáit a thiocfadh ar cuairt go dtí an Úcráin. 

Dúirt Ard-Rúnaí NATO, Jens Stoltenberg, go raibh lucht comhghuaillíochta sin sásta tacú leis an Úcráin “ar feadh na mblianta” agus é den tuairim go raibh an baol ann go mairfeadh an cogadh i bhfad. 

Dúirt ceannasaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, gur “díchéillí amach is amach” an rud an chogaíocht sa 21ú haois. Bhí Guterres ag tabhairt cuairte ar cheantair thart ar Kyiv a bhíodh i seilbh na Rúiseach.

Fág freagra ar '$33 billiún eile iarrtha ag Biden chun tacú leis an Úcráin'