32 cás nua de Covid-19 deimhnithe, an líon is mó le mí anuas

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt thuaidh ná theas inniu

32 cás nua de Covid-19 deimhnithe, an líon is mó le mí anuas

32 cás nua de Covid-19 a dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá le breis is mí anuas. 

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt ag an Roinn. 

Ní raibh bás ar bith eile le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu ach oiread agus níor deimhníodh ach dhá chás nua den ghalar ó thuaidh.

2,302 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,746 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,460 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,670 cás ó dheas den teorainn agus 5,790 cás ó thuaidh di.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, tráthnóna gur údar imní a bhí ann go raibh daoine a raibh siomptóim an ghalair orthu ag fanacht ceithre nó cúig lá sula ndéanann siad teagmháil le dochtúir. D’impigh, an Dr Ronan Glynn ar dhaoine fios a chur ar an dochtúir láithreach má bhíonn comharthaí an ghalair orthu.

Faoi mheán oíche Dé Luain, 523,277 tástáil don ghalar a bhí déanta ó dheas.

Rinneadh 49, 264 tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 157 duine, nó 0.3% de na daoine a tástáladh.

Cuireadh tástáil ar 122,403 duine ó thuaidh go n-uige seo.

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 566.

839 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 3 Iúil. 

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

Idir an dá linn, tá rabhadh tugtha ag an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil baint ag cóisirí tí leis an ardú atá tagtha ar líon na gcásanna den Covid-19 atá sa tír seo.

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu gur léirigh an Príomhoifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, gur údar imní an t-ardú atá tagtha ar líon na gcásanna den choróinvíreas le roinnt seachtainí.

Dúirt sé gur údar imní é go mbíonn suas le 30 nó 40 duine ag cruinniú le chéile ag cóisir faoi dhíon i dteach plódaithe.

Dúirt Martin chomh maith go léiríonn eolas ón Roinn Iompair gur beag turasóirí Meiriceánacha atá ag teacht chun na tíre seo d’ainneoin “go leor cainte” a bheith á dhéanamh fúthu.

“Caithfimid a bheith an-daingean ó thaobh cúrsaí taistil de agus ó thaobh na teachtaireachta is mian linn a scaipeadh, ar mhaithe leis an ráta ionfhabhtaithe a choinneáil íseal,” a dúirt an Taoiseach.

“Sin an aidhm a bheidh againn sna seachtainí seo amach romhainn. Caithfear sin a dhéanamh más linn na scoileanna a athoscailt agus deis a thabhairt d’ospidéil freastal ar othair nach é an Covid-19 atá orthu.”

Déanfaidh an Rialtas cúrsaí taistil a phlé arís amárach.

Táthar ag súil go bhfoilseoidh an Rialtas ‘liosta glas’ an tseachtain seo chugainn de na tíortha sin a mbeidh cead ag muintir na tíre seo taisteal chucu gan aon srianta.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nach raibh sé curtha as an áireamh aige go dtabharfaí isteach tástáil éigeantach don Covid-19 ar dhaoine a bheidh ag taisteal chun na tíre as tíortha ardriosca ó thaobh an choróinvíris de.

Dúirt Varadkar nach bhfuil sé cinnte an mbeadh tástáil éigeantach indéanta go praiticiúil ach dúirt sé gur dóigh leis gur cheart don tír seo smaoineamh ar thástáil éigeantach a dhéanamh ar dhaoine a thagann chugainn as tíortha nach bhfuil ar an ‘liosta glas’, rud atá déanta ag tíortha eile.

Dúirt an Tánaiste sa Dáil go raibh súil aige go mbeidh an Rialtas ábalta cinneadh a dhéanamh amárach agus cead a thabhairt do thithe ósta, clubanna oíche agus casinónna uile na tíre athoscailt ón Luan seo chugainn, an 20 Iúil.

Fág freagra ar '32 cás nua de Covid-19 deimhnithe, an líon is mó le mí anuas'