313 cás eile den choróinvíreas fógartha, 15 in aonaid dianchúraim

16 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

313 cás eile den choróinvíreas fógartha, 15 in aonaid dianchúraim

313 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

53 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 15 acusan in aonad dianchúraim, laghdú eile.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig anuas. 178 cás nua a deimhníodh.

906 cás ar fad a deimhníodh i dTuaisceart Éireann le seachtain anuas, suas ó 628 don tseachtain seo caite.

16 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,132,546 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 790,071.

7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,154 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Fág freagra ar '313 cás eile den choróinvíreas fógartha, 15 in aonaid dianchúraim'