£312,500 curtha ar fáil chun foirgneamh Chultúrlann McAdam Ó Fiaich a cheannach

D’fhógair Ciste Infheistíochta na Gaeilge inniu go raibh £312,500 á chur ar fáil acu chun tacú le hiarracht bhord Chultúrlann McAdam Ó Fiaich an foirgneamh ina bhfuil an t-ionad cultúrtha iomráiteach lonnaithe a cheannach

£312,500 curtha ar fáil chun foirgneamh Chultúrlann McAdam Ó Fiaich a cheannach

D’fhógair lucht na Cultúrlainne i mBéal Feirste inniu go mbeidh ar a gcumas an foirgneamh ina bhfuil siad lonnaithe a cheannach agus airgead chuige sin faighte acu ó Chiste Infheistíochta na Gaeilge.

Tuairiscíodh ag deireadh na míosa seo caite go raibh an foirgneamh ina bhfuil Cultúrlann McAdam Ó Fiaich á dhíol agus £625,000 á lua leis. Tuairiscíodh go raibh cuibhreannas ón earnáil pobail, dream atá ag plé leis an bhfiontraíocht shóisialta agus infheisteoir príobháideach amháin i measc na ndreamanna a raibh suim léirithe acu an foirgneamh a cheannach, ach go gairid ina dhiaidh sin d’fhógair bord Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go raibh iarratas á chur le chéile acu chun an foirgneamh ar Bhóthar na bhFál a cheannach.

Tugadh ugach mór do lucht na Cultúrlainne nuair a chuir Ciste Infheistíochta na Gaeilge, a bunaíodh chun infreastruchtúr a fhorbairt do phobal na Gaeilge, in iúl dóibh inniu, go raibh £312,500 á chur ar fáil acu chun tacú lena n-iarracht an foirgneamh a cheannach.

B’údar mór áthais do lucht na Cultúrlainne fógra Chiste Infheistíochta na Gaeilge.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an scéal.

Tá an Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál ina ionad cultúrtha ó 1991 nuair a ghlac meitheal faoi stiúir Shéamuis Mhic Sheáin agus Ghearóid Uí Chairealláin an léas ar an fhoirgneamh ó Springfield Charitable Association.

Mar sin, tá an Chultúrlann ag feidhmiú le 25 bliain anuas ag 216 Bóthar na bhFál agus le linn na tréimhse sin cuireadh spás agus tacaíocht ar fáil ann do Mheánscoil Feirste (Coláiste Feirste), don nuachtán , d’Aisling Ghéar, d’Aisteoirí Aon Dráma, do Raidió Fáilte agus do go leor fiontar Gaeilge eile.

Tá Meánscoil Feirste anois bogtha go suíomh nua thart ar 200 slat ón Chultúrlann agus í i bhfoirgneamh nua-aimseartha.

Tá foirgneamh nua á thógáil le haghaidh Raidió Fáilte gar do lár na cathrach agus tá comhlachtaí eile a bhíodh sa Chultúrlann tar éis fás agus áitribh nua faighte acu.

In 2011, d’oscail Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, síneadh nua leis an ionad, athchóiriú a chosain breis is £1 milliún agus a chuir dánlann nua leis an ionad mar aon le háiseanna eile a athchóiriú.

Faoi láthair tá an siopa leabhar, An Ceathrú Póilí, an bhialann, Bia, dhá dhánlann, amharclann agus suas le leathdhosaen fiontar eile lonnaithe san fhoirgneamh – ina measc comhlacht léirithe teilifíse, Macha Media, an iris stíl bheatha ar líne Nós, an compántas amharclainne Aisling Ghéar, agus an crannchur carthanachta, Taca.

Is iad Springfield Charitable Association (SCA) úinéirí an fhoirgnimh, seaneaglais Phreispitéireach an Bhealaigh Leathain ar Bhóthar na bhFál, agus chinn bord na heagraíochta sin foirgneamh na Cultúrlainne a dhíol chun ionad nua den scoth do sheandaoine a thógáil ar Shráid Cupar, gar don bhalla síochána idir Bóthar na Seanchille agus Bóthar na bhFál.

Fág freagra ar '£312,500 curtha ar fáil chun foirgneamh Chultúrlann McAdam Ó Fiaich a cheannach'