310 cás nua fógartha, cúrsaí “seasmhach go maith” ó thaobh scaipeadh an ghalair

Ní raibh cás nua ar bith le fógairt i gCiarraí inniu, agus bhí an scéal amhlaidh i gcás dhá chontae eile, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí

310 cás nua fógartha, cúrsaí “seasmhach go maith” ó thaobh scaipeadh an ghalair

D’fhógair an Roinn Sláinte 310 cás nua den choróinvíreas tráthnóna.

15 duine eile a raibh an galar orthu atá básaithe. I mí na Nollag a bhásaigh deichniúr acusan.

Bhain 27 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, 15 cás a bhí i bPort Láirge, 15 cás a bhí i gcontae na Mí, 13 cás a bhí i nGaillimh, 11 cás a bhí i gCorcaigh agus 11 cás a bhí i Maigh Eo.

Ní raibh cás nua ar bith le fógairt i gCiarraí inniu, agus bhí an scéal amhlaidh i gcás dhá chontae eile, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí.

80 den 310 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach NPHET, go raibh cúrsaí “seasmhach” go maith ó thaobh scaipeadh an ghalair. Dúirt sé gur idir 250-300 cás sa lá a bhíonn anois ann agus ní dóigh le Nolan go rachaidh líon na gcásanna níos ísle ná sin.

Gar do 1 atá ráta atáirgthe an ghalair.

Tá ráta coicíse an Covid-19 sa stát tite beagáinín go dtí 79.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall go fóill agus é imithe suas go dtí 231 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae.

83 an ráta i bPort Láirge, 76 atá i Maigh Eo agus 60 atá i nGaillimh. Ráta 55 atá i gcontae na Mí, 27 atá i gCorcaigh agus 24 atá i gCiarraí.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh 14 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 441 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

417 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 29 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 101% de na leapacha ansin lán inniu.

Scaoilfear le cuid de na srianta Covid-19 i dTuaisceart Éireann amárach agus cead oscailte ag siopaí, gruagairí agus ag roinnt gnóthaí san earnáil fáilteachais.

3,016 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,117 duine ó dheas den teorainn agus 1,099 duine ó thuaidh di.

131,922 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 75,203 cás ó dheas agus 56,719 ó thuaidh.

In 24 uair an chloig inné chuir Covid-19 breis is 3,000 duine den saol sna Stáit Aontaithe, de réir figiúirí ó Ollscoil Johns Hopkins, an lá is measa ó mhí an Aibreáin.

Maíonn lucht leighis ansin gurbh é an taisteal ar fad a rinne go leor den phobal fud fad na tíre le Féile an Altaithe a cheiliúradh lena muintir, an 26 Samhain, is cionsiocair leis an mbrúisc seo.

Tá an dianghlasáil i bhfeidhm arís in California ach bhí os cionn 30,000 cás nua ann inné. Sna vacsaíní atá muinín na n-údarás anois agus iarrachtaí ar bun ceadúnas éigeandála a thabhairt do vacsaín Pfizer-BioNTech.

Tá an comhlacht Meiriceánach Moderna tosaithe ar thástáil a dhéanamh ar a vacsaín féin ar dhéagóirí idir 12 agus 18 bliain agus, ach na torthaí a bheith dearfach agus sábháilte, súil acu go mbeifear in ann an vacsaín a thabhairt do dhaltaí roimh an gcéad scoilbhliain eile.

Anseo sa mbaile rinne comhcheannaire na nDaonlathach Sóisialta, Róisín Shortall, achainí sa Dáil inné go gcuirfí déagóirí faoi 18 a bhfuil fadhbanna sláinte acu ar liosta tosaíochta chlár vacsaínithe an Rialtais. Dúirt sí go raibh an saol an-chrua ar na daoine óga sin ó thús na paindéime agus iad féin agus a muintir ag iarraidh an víreas a sheachaint. Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar gur ‘ceist chuí’ í sin agus go labhródh sé leis an bPríomhoifigeach Sláinte faoin scéal ach a mbeadh sé ag caint leis.

Fág freagra ar '310 cás nua fógartha, cúrsaí “seasmhach go maith” ó thaobh scaipeadh an ghalair'