307 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, an líon is airde ó lár na Bealtaine

Bhain 59% de na cásanna nua le Baile Átha Cliath agus tá os cionn 30,000 cás den ghalar deimhnithe ó dheas go n-uige seo

307 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, an líon is airde ó lár na Bealtaine

Tá 307 cás nua den choróinvíreas fógartha, an líon is airde cásanna a fógraíodh in aon lá amháin ó lár mhí na Bealtaine.

Fógraíodh chomh maith tráthnóna bás duine amháin eile de dheasca an ghalair. D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu dhá bhás eile de dheasca an ghalair. 40 cás nua a deimhníodh ó thuaidh. 2,345 duine a raibh Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,778 duine ó dheas den teorainn agus 567 duine ó thuaidh di.

De réir na bhfigiúirí is déanaí tá os cionn 30,000 cás den ghalar deimhnithe ó dheas den teorainn go n-uige seo.

37,988 cás atá deimhnithe in Éirinn, 30,080 cás ó dheas agus 7,908 cás ó thuaidh.

Bhain 182 den 307 cás nua de Covid-19 a fógraíodh tráthnóna le Baile Átha Cliath – 59% de na cásanna go léir. Scaipeadh sa phobal ba chúis le 44 de na cásanna nua i mBaile Átha Cliath.

Bhain 25 cás le Cill Dara agus 19 cás le Luimneach. 15 cás a bhí i Loch Garman agus 15 cás a bhí i gcontae Lú. Bhain ocht gcás le Cill Mhantáin agus bhí sé cinn de chásanna sa Ghaillimh, an líon céanna cásanna le contae an Chláir agus Chill Chainnigh.

28 cás nua atá deimhnithe sa Ghaillimh le ceithre lá anuas.

Deimhníodh cásanna nua den ghalar chomh maith inniu i gCiarraí, i nDún na nGall, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i gcontae na Mí.

Fógraíodh na cásanna nua tráth a bhfuil “imní ar leith” ar an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) faoin ardchathair agus faoi Luimneach.

Bhain 64% de na 307 cás nua nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu.

Bhain 72 de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 73% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Fág freagra ar '307 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, an líon is airde ó lár na Bealtaine'