306 cás nua den choróinvíreas fógartha, an dara ráta scaipthe is ísle san Eoraip sa stát

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go raibh ráta an ghalair tite i ngach aoisghrúpa le seachtain anuas

306 cás nua den choróinvíreas fógartha, an dara ráta scaipthe is ísle san Eoraip sa stát

Dr Siobhan Ni Bhriain, Dr Tony Holohan agus Dr Ronan Glynn. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá 306 cás eile den choróinvíreas fógartha tráthnóna ag an Roinn Sláinte. Duine amháin eile a raibh an Covid-19 air atá básaithe.

119 duine a raibh an galar orthu a fuair bás go dtí seo mí na Samhna agus bhain 38 de na cásanna sin le tithe altranais.

Bhain 22 den 306 cás nua a fógraíodh inniu le Gaillimh, 17 cás a bhí i nDún na nGall agus deich gcás a bhí i Maigh Eo. Sé chás a bhí i gcontae na Mí.

Níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí agus b’amhlaidh an scéal i bPort Láirge.

244 othar Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 31 díobhsan in aonad dianchúraim.

Bhain 108 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan go raibh ráta an ghalair tite i ngach aoisghrúpa le seachtain anuas.

Tá ráta scaipthe an Covid-19 tite go dtí 89 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír. Is in Éirinn anois atá an dara ráta is ísle san Eoraip

Is i nDún na nGall atá an ráta is airde sa tír go fóill, 224. Tá na contaetha Gaeltachta eile uile faoi bhun an ráta náisiúnta

Ráta 87 atá i bPort Láirge, 84 atá i Maigh Eo agus 83 ata i gcontae na Mí. 68 atá i gCorcaigh, 50 atá i nGaillimh agus 44 atá i gCiarraí.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh deichniúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 290 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

427 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 36 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 94% de na leapacha ansin lán inniu.

Tá ráite ag an Aire Oideachais ó thuaidh, Peter Weir, nach ndúnfar scoileanna níos luaithe do shaoire na Nollag. Dúirt an tAire Weir go raibh díomá air go raibh ráflaí fós á scaipeadh faoin scéal cé gur deimhníodh coicís ó shin nach mbeadh aon athrú ar an scéal i mbliana.

3,049 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,053 duine ó dheas den teorainn agus 996 duine ó thuaidh di.

125,009 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 72,544 cás ó dheas agus 52,465 ó thuaidh.

Tá iarrtha ag an Rialtas ar an bpobal a bheith tuisceanach faoina dteastaíonn ó dhaoine eile tráth seo na Nollag. Dúirt Liz Canavan as Roinn an Taoisigh inniu gur chóir dúinn cuimhneamh nach mbeidh fonn ar gach uile dhuine cuairt a thabhairt ar thithe daoine eile ina dtithe ná bualadh leo i mbialanna an Nollaig seo.

Dúirt sí nár chóir go gcuirfeadh sé as dúinn má dhiúltaíonn duine cuireadh mar nach eol d’aon duine againn cén duine atá leochaileach ó thaobh an víris nó a bhfuil duine muinteartha leis amhlaidh.

“Más fearr leat le comhluadar níos lú an Nollaig seo, ná bíodh aon leisce ort é sin a chur in iúl. Más nós leat féin agus le do theaghlach an Nollaig le do thuismitheoirí go hiondúil, bí cinnte go dtugann tú deis dóibh a rá leat céard ab fhearr leosan a dhéanamh i mbliana.”

Fág freagra ar '306 cás nua den choróinvíreas fógartha, an dara ráta scaipthe is ísle san Eoraip sa stát'