304 cás nua den víreas fógartha ó dheas, líon na gcásanna laghdaithe 22% ach imní faoin Delta  

47 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, ardú ó 41 inné, agus tá 13 acusan in aonad dianchúraim

304 cás nua den víreas fógartha ó dheas, líon na gcásanna laghdaithe 22% ach imní faoin Delta  

304 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

47 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, ardú ó 41 inné, agus tá 13 acusan in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 198 cás nua den ghalar deimhnithe. Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

18 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i dtrí cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE inniu gur “tráth imní agus míshuaimhnis anois é conas mar a rachaidh cúrsaí” sa tír mar gheall ar chineál Delta den choróinvíreas. Mar sin féin, a deir Paul Reid, “tá bail i bhfad níos fearr orainn faoi láthair” ná mar a bhí ag tús na bliana.

Tá beagnach 3.8 milliún dáileog de vacsaíní Covid-19 tugtha do dhaoine anseo in Éirinn agus tabharfar 300,000 vacsaín eile amach an tseachtain seo.

Tá 191,000 duine idir 35-39 cláraithe le vacsaín a fháil in aghaidh an Covid-19.

Tá an chéad snáthaid faighte ag 62% de na daoine fásta a bhfeileann sí dóibh, agus tá an vacsaín iomlán faighte ag 37% díobh.

Daoine faoi 45 bliain d’aois iad 84% de na daoine a bhfuil an Covid-19 orthu faoi láthair.

Laghdaigh líon na gcásanna 22% le coicís agus thit an líon daoine atá san ospidéal ag an víreas chomh maith. Faoi láthair tá 47 othar san ospidéal ag an Covid-19, agus tá 13 acusan in aonad dianchúraim.

Léiríonn na figiúirí is déanaí a cuireadh ar fáil Dé Máirt gurb é an cineál Delta a deimhníodh ar 210 duine in Éirinn. Meastar go bhfuil an Delta idir 40-60% níos tógálaí ná an chéad chineál den víreas.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,150,202 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 830,506. 7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,155 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Fág freagra ar '304 cás nua den víreas fógartha ó dheas, líon na gcásanna laghdaithe 22% ach imní faoin Delta  '

  • Maitiú Ó Murchú

    Ar fógraíodh cás ar bith ó thuaidh, thiar ná anoir?