3,024 cás nua den choróinvíreas fógartha, 458 duine sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh dháréag eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis agus go raibh 1,481 cás nua deimhnithe

3,024 cás nua den choróinvíreas fógartha, 458 duine sna hospidéil

3,024 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Seo an tríú lá as a chéile ar fógraíodh breis is 3,000 cás nua.

458 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, beirt níos lú ná mar a bhí i gceist inné. Tá 90 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos mó ná mar a bhí i gceist inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh dháréag eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,481 cás nua a fógraíodh.

378 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 41  díobhsan atá in aonad dianchúraim. 50 duine a raibh an galar orthu a fuair bás le seachtain sa Tuaisceart.

Ag preasócáid inniu dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, gurb é an Covid-19 a bhí ar bheagnach duine as gach triúr a bhí i leaba in aonad dianchúraim.

Dúirt sé go raibh 90 othar Covid in aonad dianchúraim agus 458 acu in ospidéil. Tá os cionn leath de na hothair sin an-dona tinn agus iad i dtuilleamaí cúnamh riospráide.

Bhí an tUasal Reid ag caint faoin mbrú uafásach a bhí ar an gcóras sláinte ar fad ag an víreas – dochtúirí teaghlaigh, oibrithe sláinte, an córas sláinte phoiblí agus ospidéil. Dúirt sé go raibh 3,500 duine den fhoireann sláinte as láthair óna gcuid oibre de bharr an Covid-19.

Dúirt sé go raibh daoine fós ag clárú don vacsaín, thart ar 1,800 duine sa lá.

D’iarr Paul Reid ar lucht gnó measúnú a dhéanamh ar a bplean sláinte agus sábháilteachta ar mhaithe leis an bhfoireann oibre a choinneáil slán.

Bhí an Príomhfheidhmeannach sásta go raibh vacsaín bhreise le tabhairt don lucht leighis.

Dúirt Príomhoifigeach Oibríochtaí an HSE, Anne O’Connor go raibh ardú 21% ar an líon daoine a d’fhreastail ar na haonaid éigeandála agus timpistí i mbliana seachas mar a rinne sin anuraidh. Dúirt sí go raibh obráidí roghnacha curtha ar ceal ag 21 ospidéal agus go gcuirfí tuilleadh obráidí ar ceal mura dtiocfaidh laghdú ar an líon ard othar atá sna hospidéil.

Fág freagra ar '3,024 cás nua den choróinvíreas fógartha, 458 duine sna hospidéil'