30 tionscadal Gaeilge ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag Taispeántas an Eolaí Óig BT

Tá breis agus 50 dalta ó iarbhunscoileanna Gaeilge agus Gaeltachta san iomaíocht ag Taispeántas an Eolaí Óig BT ar cuireadh tús leis inniu san RDS

30 tionscadal Gaeilge ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag Taispeántas an Eolaí Óig BT

Daltaí as Scoil Mhuire i mBéal Átha'n Ghaorthaidh, Corcaigh, atá ag glacadh páirt i dTaispeántas an Eolaí Óig BT san RDS an tseachtain seo

Cad iad na contúirtí a bhaineann le mí-úsáid antaibheathach ag daoine? Conas is féidir daoine gan dídean a choinneáil te sa gheimhreadh? An féidir sreabháin neamh-Newtonacha a úsáid chun tinte aitinn a chosc ó scaipeadh? Cé acu is aclaí – damhsóir Gaelach nó imreoir CLG?

Sin chuid de na ceisteanna atá á bhfiosrú ag daltaí ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag Taispeántas an Eolaí Óig BT atá á reáchtáil san RDS  i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Cuireadh 1,850 togra ar fad faoi bhráid lucht Eolaí Óig BT agus roghnaíodh 550 togra as an méid sin le bheith mar chuid den mhórthaispeántas náisiúnta.

Ceisteanna a bhaineann leis an athrú aeráide, an timpeallacht agus dearcthaí daoine ar an ábhar atá á scrúdú i mbeagnach 70% de na tograí atá le feiceáil ag Taispeántas an Eolaí Óig i mbliana.   

Tá breis agus 30 togra i nGaeilge le feiceáil ag an Taispeántas, comórtas atá á reáchtáil le 56 bliain. Is iad daltaí Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn is mó a bhfuil tionscadail i nGaeilge ar taispeáint acu agus cúig thogra ón scoil sin atá san RDS.

I measc na dtionscadal atá á gcur i láthair ag daltaí Choláiste Ailigh, tá togra a scrúdaíonn na tréithe antaibheathacha atá ag mogóirí róis a reoitear agus togra eile faoin tionchar a bheidh ag an nganntanas fuinseoige ar chluiche na hiománaíochta. 

Tá trí thogra i nGaeilge ar taispeáint ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair sa chomórtas náisiúnta, ina measc tionscadal faoin tionchar a bhíonn ag drugaí agus alcól ar dhéagóirí agus ceann eile a dhíríonn ar na bacanna atá roimh dhaltaí i nDún na nGall agus oideachas tríú leibhéal á lorg acu.

Trí thionscadal i nGaeilge atá ullmhaithe ag daltaí as Scoil Mhuire i gCorcaigh, a rinne iarracht deireadh a chur le plaisteach aon-úsáide sa scoil in achair trí mhí. Baineann an dá thionscadal eile ag an scoil sin le cúrsaí clainne agus an tionchar a imríonn d’áit sa teaghlach ar thréithe pearsantachta, iompair agus roghanna saoil an duine.

Ar na scoileanna eile a bhfuil tionscadal i nGaeilge istigh acu tá; Coláiste Íosagáin (Baile Átha Cliath), Scoil Chaitríona (Baile Átha Cliath), Gaelcholáiste an Phiarsaigh (Baile Átha Cliath), Coláiste Chilliain (Baile Átha Cliath), Coláiste Pobail Osraí (Cill Chainnigh), Gaelcholáiste Chill Dara, Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin (Corcaigh), Meánscoil Gharman, Gaelcholáiste Luimnigh, Coláiste Mhuire (Maigh Eo), Gaelcholáiste Phort Láirge, Scoil Mhuire gan Smál (Ros Comáin) agus Coláiste Mhuire i dTiobraid Árann.

Fág freagra ar '30 tionscadal Gaeilge ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag Taispeántas an Eolaí Óig BT'

  • Tash

    Go n-éirí go geal leo ar fad!