2,975 cás nua den víreas fógartha, laghdú ar choinní sóisialta molta ag Holohan

8,342 duine a raibh an galar orthu a fuair bás in Éirinn ó thús na paindéime 5,566 duine ó dheas den teorainn agus 2,776 duine ó thuaidh di

2,975 cás nua den víreas fógartha, laghdú ar choinní sóisialta molta ag Holohan

2,975 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 551 othar Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 89 díobhsan in aonad dianchúraim.

74 duine a bhí buailte ag an ngalar a bhásaigh le seachtain anuas.

8,342 duine a raibh an galar orthu a fuair bás in Éirinn ó thús na paindéime 5,566 duine ó dheas den teorainn agus 2,776 duine ó thuaidh di.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, nach raibh aon fhianaise ann go bhfuil daoine ag bualadh le níos lú daoine eile. Ní údar misnigh sin tráth a bhfuil ardú tagtha ar líon na gcásanna, a dúirt sé.

Dúirt an Dr Holohan go bhféadfadh gur leor chun an galar a chur faoi smacht arís laghdú beag a dhéanamh ar líon na gcoinní sóisialta agus feabhas beag ó thaobh daoine a bheith ag cloí leis na treoracha. Mhol sé don té a mbeadh sé i gceist aige dul amach dhá oíche sa tseachtain fanacht istigh ceann acu agus an chomhairle a bhí aige don té a bhí chun cuireadh chun tí a thabhairt do dheichniúr ná gur leor cúigear díobh.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Sláinte, an Dr Ronan Glynn go raibh, ar an meán, líon na gcásanna dúbailte le seacht lá anuas.

Bhí ardú i gceist i ngach aoisghrúpa ach go háirithe i measc daoine idir 19-24 bliain d’aois.

Dúirt sé go raibh ardú ag teacht arís le cúpla lá anuas ar líon na n-othar atá á gcur sna hospidéil de dheasca an ghalair agus gur idir 56-60 othar sa lá a bhíonn i gceist.

Cuireadh 11 duine a bhí buailte ag an ngalar san aonad dianchúraim le lá anuas.

Údar dóchais a bhí i rath na teanndáileoige, a dúirt na Dr Glynn. Bhí a rian le feiceáil cheana i measc daoine os cionn 80 agus laghdú tagtha ar líon na gcásanna san aoisghrúpa sin.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go raibh seachtar eile a raibh an galar orthu tar éis bháis. 1,765 cás eile a fógraíodh. 41 duine a raibh an galar orthu a fuair bás sa Tuaisceart le seachtain anuas. 404 othar Covid-19 atá sna hospidéil ansin agus tá 36 díobhsan in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '2,975 cás nua den víreas fógartha, laghdú ar choinní sóisialta molta ag Holohan'