29 cluiche i gCorn Domhanda na mBan le taispeáint ar TG4

Beidh gach cluiche i gCorn Domhanda FIFA na mBan le feiceáil beo ar RTÉ agus TG4 an samhradh seo

29 cluiche i gCorn Domhanda na mBan le taispeáint ar TG4

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Déanfaidh TG4 craoladh ar 29 cluiche i gCorn Domhanda FIFA na mBan a bheidh ar siúl sa bhFrainc an samhradh seo.

Tá socrú déanta ag TG4 agus RTÉ gach cluiche sa chomórtas a thaispeáint beo.

Cuirfear tús leis an gcomórtas domhanda Dé hAoine, an 7 Meitheamh agus beidh an chéad chluiche idir an Fhrainc agus an Chóiré Theas á thaispeáint ar TG4.

Beidh ceann de na cluichí ceathrú ceannais, ceann de na cluichí leathcheannais agus an cluiche don tríú háit le feiceáil ar an stáisiún náisiúnta Gaeilge.

Beidh 23 cluiche á gcraoladh ar RTÉ agus iad roinnte idir RTÉ2 agus Seinnteoir RTÉ. Beidh an cluiche ceannais beo ar RTÉ2 Dé Domhnaigh, an 7 Iúil.

Chuir Rónán Ó Coisdealbha, Ceann Spóirt TG4, fáilte roimh fhógra an lae inniu.

“Tá TG4 ag tacú go gníomhach le Spórt na mBan le blianta fada. Is céim eile chun cinn í seo atá ag teacht go deas leis an bhfeachtas 20 x 20, a bhfuil an-tábhacht leis.

“Is sampla iontach freisin é den bhealach a bhfuil eagraíochtaí Meán Seirbhíse Poiblí in ann oibriú le chéile chun an t-ábhar is fearr ar an teilifís a chur faoi bhráid lucht féachana dílis, saor go haer.”

Dúirt Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ Declan McBennet go bhfuil “ríméad ar RTÉ go mbeimid, i gcomhar le TG4, in ann Corn Domhanda FIFA na mBan ar fad a thaispeáint den chéad uair, saor go haer, do lucht féachana in Éirinn.

“Tá sé tráthúil go leor go bhfuil an fógra seo á dhéanamh sé mhí díreach ó seoladh an tionscnamh 20 X 20 chun athrú a chur ar an meon atá ann i dtaobh cailíní agus mná sa spórt.”

Fág freagra ar '29 cluiche i gCorn Domhanda na mBan le taispeáint ar TG4'