29 cás nua de Covid-19 deimhnithe in Éirinn

Deimhníodh tráthnóna inné go raibh duine tar éis bás a fháil de bharr an ghalair Covid-19 in Éirinn

29 cás nua de Covid-19 deimhnithe in Éirinn

Deimhníodh 27 cás nua den ghalar Covid-19 ó dheas den teorainn inniu agus dhá chás nua a deimhníodh ó thuaidh. 90 cás ar fad atá anois deimhnithe in Éirinn, 70 ó dheas den teorainn agus 20 ó thuaidh.

Deimhníodh tráthnóna inné go raibh duine tar éis bás a fháil de bharr an ghalair Covid-19 in Éirinn.

Ba í sin an chéad duine a bhásaigh de bharr an ghalair sa tír seo. Bean amach san aois a a bhí ann a raibh deacrachtaí sláinte eile aici.

Tá beagnach 128,000 cás den ghalar deimhnithe ar fud an domhain agus os cionn 4,700 duine curtha den saol aige.

Tá téarnamh déanta cheana ag os cionn 68,000 duine a tholg an galar.

Tá scoileanna, réamhscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal dúnta ó 6pm inniu go dtí an 29 Márta in iarracht moill a chur le scaipeadh an ghalair in Éirinn. Níl na scoileanna dúnta fós ó thuaidh.

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go raibh scrúduithe cainte na hArdteiste, a bhí le tosú ar an 23 Márta, curtha ar athlá.

Dúnfar freisin institiúidí cultúrtha ach níltear ag moladh go ndúnfaí siopaí ná bialanna.

D’fhógair an Taoiseach an méid sin in Washington ar maidin, mar a bhfuil sé ar cuairt faoi láthair.

Tá na beartais nua bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

D’fhógair sé chomh maith go mbeifí ag súil go gcuirfí ar ceal cruinnithe poiblí taobh istigh sa chás go mbeadh níos mó ná 100 duine i láthair agus cruinnithe poiblí taobh amuigh sa chás go mbeadh níos mó ná 500 duine i láthair.

Cuirfear daoine a thagann thar tír isteach ar an eolas faoi na beartais nuair a luaithe is a thagann siad anseo.

Dúirt Leo Varadkar gur chóir do dhaoine obair ón mbaile dá bhféadfaí é agus gur chóir do dhaoine gan a bheith ag an obair ag an am céanna ná sos a thógáil ag an am céanna más féidir.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine, agus daoine amach san aois go háirithe, a laghad teagmhála a bheith acu le daoine eile agus is féidir.

Is ionann fógra an Taoisigh agus an chéad chéim eile den iarracht dul i ngleic le scaipeadh an ghalair, céim an mhoillithe.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar agus an Tánaiste Simon Coveney nár cuireadh a leithéid de dhianbheartais i bhfeidhm riamh cheana agus gur cinnte go gcuirfeadh siad as go mór do dhaoine agus gan aon aon taithí acu ar a leithéid.

Dúirt an Eagraíocht Sláinte Dhomhanda inné go raibh Covid-19 anois ina phaindéim.

Dúirt ceann feadhain an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna go raibh an galar á scaipeadh chomh forleathan agus chomh tréan sin gur paindéim a bhí i gceist, cur síos nár úsáideadh roimhe seo.

Cloch mhíle eile i scéal scaipeadh an ghalair ab ea ráiteas an WHO tráthnóna inné.

Tá iarrtha ag ceannairí na tíre agus ceannairí poiblí eile ar mhuintir na hÉireann cur le chéile ar mhaithe lena chéile agus srianta nua á gcur i bhfeidhm chun moill a chur ar scaipeadh an ghalair Covid-19.

“Ní neart go cur le chéile,” a dúirt an tAire Sláinte Simon Harris ar maidin i ndiaidh an fhógra go mbeadh scoileanna na tíre á ndúnadh agus srianta eile á gcur i bhfeidhm.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhféadfaí beatha daoine a shábháil ach aire a thabhairt dá chéile.

“Tá a fhios agam go bhfuil creathadh mór bainte aige seo as daoine agus beidh athruithe móra le déanamh againn in ár saol.

“Tuigim go bhfuilim ag iarraidh ar dhaoine íobairtí ollmhóra a dhéanamh. Ar mhaithe lena chéile atáimid á dhéanamh. Ach cur le chéile is féidir an víreas a chur dá bhuille agus moill a chur air. Ach cur le chéile, mar aon náisiún amháin, is féidir linn beatha go leor daoine a shábháil.

“Cuirfidh sé seo as don gheilleagar. Tiocfaidh sé uaidh. Déanfar cúiteamh ar an am a chaillfear ar scoil nó sa choláiste.  De réir a chéile, beidh an saol ar ais mar a bhí.

“Thar aon rud eile, caithfimid ar fad aire a thabhairt dá chéile. Is iontach an náisiún í Éire. Agus is iontach an dream sinn. Ní hé seo an chéad uair againn cruatan agus streachailt a bheith le sárú againn. Cuireadh tástáil go leor cheana orainn agus thángamar slán a bhuíochas dár spiorad agus dár misneach. Beidh linn.”

Dúirt an Taoiseach go raibh sé tábhachtach cuimhneamh nach gcuireann an galar seo as rómhór d’fhormhór daoine, go háirithe daoine atá óg agus daoine atá ina sláinte.

“Is eol dúinn gur baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois agus daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu. Tá dualgas orainn mar phobal muid féin a chosaint agus thar aon rud eile daoine eile a chosaint – ár dtuismitheoirí, ár seantuismitheoirí, ár muintir, ár gcairde, ár gcomhghleacaithe oibre agus ár gcomharsana.

“Ní raibh a leithéid seo de phaindéim sa tír le cuimhne na ndaoine. Ní rabhamar sa chás seo cheana riamh. Gheallamar go ndéanfaimis an beart ceart ag an tráth ceart.

“Mar threoir ghinearálta, lasmuigh den obair, ba chóir do gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir.”

Mheabhraigh an Taoiseach do dhaoine cloí le comhairle na saineolaithe maidir le cúrsaí sláinte.

“Féadfaidh tusa do chionsa a dhéanamh ach do lámha a ní, a bheith ag casacht agus ag sraothartach isteach i d’uillinn agus cúnamh leighis a lorg má bhíonn comharthaí sóirt an ghalair ort. Is tábhachtaí na treoracha anois ná riamh,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Dúirt an Tánaiste Simon Coveney go rabhthas ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann fanacht amach óna chéile.

“Tá laethanta agus seachtainí deacra romhainn agus ní éireoidh leis an Rialtas as féin é seo a dhéanamh.

“An beart is fearr gur féidir linn a dhéanamh ná moill a chur le scaipeadh na haicíde. Is mór againn na daoine is goilliúnaí sa phobal…

“Ait go leor, chun go mbeadh comhoibriú eadrainn táimid ag iarraidh ar dhaoine fanacht amach óna chéile. Cuirfidh na beartais as don chaidreamh a bhíonn againn gach lá agus ar cuid bhunúsach dínn é.”

D’iarr Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann ar an bpobal cúram faoi leith a dhéanamh d’oibrithe sláinte agus na srianta nua i bhfeidhm.

Dúirt Comhdháil na gCeardchumann gur den riachtanas go gcloífeadh oibrithe agus fostóirí leis an gcomhairle sláinte phoiblí.

Dúirt an ICTU chomh maith nach féidir le hoibrithe túslíne, amhail oibrithe sláinte, a gcuid oibre a dhéanamh ón mbaile agus go mbeidh socruithe le déanamh maidir le cúram leanaí.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan go bhfuilimid fós sna chéad chéimeanna de Covid-19 agus nach bhfuil ach baol íseal ann an galar a fháil.

Tá na beartais nua á dtabhairt isteach chun scaipeadh an ghalair a laghdú, a dúirt sé. Dúirt an Dr Holohan nach raibh aon ghá a bheith ag carnadh earraí tí ná bia faoi láthair. Is cosúil nár thug cuid mhór daoine aird ar an gcomhairle sin agus sciob sceab ar earraí tí agus ar bhia in ollmhargaí na tíre a bhí plódaithe le daoine i gcaitheamh an lae.

Dúirt ceannaire an INTO John Boyle gurb é an cinneadh ceart na scoileanna a dhúnadh.

“Tá a fhios agam go n-éireoidh lenár mbaill dul i ngleic leis an dúshlán seo, mar a rinne siad i gcónaí le bród as a ngairm,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh go raibh sé tábhachtach go leanfaí leis an bhfoghlaim fad atá na scoileanna dúnta.

Tá sé tábhachtach a rá gur tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

De ghnáth ní foláir do dhuine 15 nóiméad a chaitheamh i ngiorracht 1-2 méadar de dhuine a bhfuil an galar air chun go mbeadh sé i gcontúirt an galar a thógáil.

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael, An Cumann Camógaíochta agus Cumann Pheil na mBan go bhfuil a n-imeachtaí ar fud na tíre le cur ar ceal go dtí an 29 Márta de bharr phaindéim Covid-19.

Baineann an fógra le cluichí agus seisiúin traenála ag gach leibhéal, idir imeachtaí idirchontae, clubanna agus ionaid oideachais. Rachaidh na beartais nua i bhfeidhm ag meán oíche anocht.

Rinneadh an cinneadh tar éis don Taoiseach a fhógairt ar maidin go mbeifí ag súil go gcuirfí ar ceal cruinnithe poiblí taobh istigh ag a mbeadh níos mó ná 100 duine i láthair agus cruinnithe poiblí taobh amuigh a mbeadh níos mó ná 500 duine i láthair.

Bhí rogha ag CLG, agus ag na ceanneagraíochtaí eile, cluichí a imirt ach gan aon lucht féachana a bheith i láthair ach tá beartaithe acu na himeachtaí uile ar fud na tíre a chur ar ceal.

“Leanfaimid orainn ag dul i gcomhairle le hoifigigh an Rialtais agus déanfaimid an scéal a athbhreithniú idir seo agus deireadh na míosa. Déanfaimid an tionchar a bheidh ag na bearta seo ar chomórtais CLG a mheas.

“Idir an dá linn, molann Cumann Lúthchleas Gael do na baill ar fad cloí leis na treoirlínte atá curtha ar fáil dúinn ag na húdaráis sláinte,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh CLG inniu.

Bhí cluichí i mbabhtaí ceathrú ceannais Roinn 1 na Sraithe Iomána le himirt an deireadh seachtaine seo, chomh maith le babhta iomlán cluichí sa tSraith Pheile ach cuirfear iad sin uile ar athlá anois.

Sular eisíodh an ráiteas, bhí sé fógartha níos luaithe tráthnóna ag boird an chontae i mBaile Átha Cliath, sa Mhí, i Ros Comáin agus i Maigh Eo nach mbeadh cluichí ná traenáil ag dul ar aghaidh ansin ar feadh coicíse.

D’fhógair an IRFU tráthnóna go bhfuil imeachtaí rugbaí ag gach leibhéal ar fud na tíre anois curtha ar ceal go dtí an 29 Márta chomh maith agus tá an cinneadh céanna déanta ag an FAI maidir le himeachtaí sacair.

Fógraíodh níos luaithe ar maidin chomh maith go raibh na comórtais tríú leibhéal i bPeil na mBan, Corn Uí Chonchúir agus Corn Giles, a bhí le bheith ar siúl i gCiarraí an deireadh seachtaine seo, curtha ar ceal.

Fág freagra ar '29 cás nua de Covid-19 deimhnithe in Éirinn'