2,855 cás nua den ghalar fógartha ag na Roinn Sláinte, 515 othar Covid-19 sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh deichniúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis agus 948 cás nua a fógraíodh

2,855 cás nua den ghalar fógartha ag na Roinn Sláinte, 515 othar Covid-19 sna hospidéil

2,855 cás nua den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

515 othar a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil, 15 níos mó ná mar a bhí i gceist inné. Tá 91 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná mar a bhí ann inné.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, go bhfuil neart daoine ag fáil na snáthaide i gcónaí.

Dúirt sé gur beagnach 15,000 duine a fuair an vacsaín le sé lá anuas.

Ní bhíonn sé “riamh rómhall” an vacsaín a fháil, ar sé.

Cuirfear tús an tseachtain seo le dáileadh na teanndáileoige den vacsaín in aghaidh an Covid-19 do dhaoine atá 60 bliain d’aois nó os a chionn.

Idir an dá linn, dúirt Colm Gildernew, Cathaoirleach Choiste Sláinte Stormont, go mb’fhéidir go mbeadh gá le hathoscailt na n-ollionad vacsaíne siúl isteach sa Tuaisceart chun cabhrú le dáileadh na teanndáileoige ansin.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh deichniúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 948 cás nua a fógraíodh. 2,715 duine a raibh an Covid-19 orthu a fuair bás sa Tuaisceart ó thús na paindéime.

326 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 36 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '2,855 cás nua den ghalar fógartha ag na Roinn Sláinte, 515 othar Covid-19 sna hospidéil'