284 cás nua fógartha, imní faoi mhéadú ar scaipeadh chineál Delta an víris

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis tráthnóna gurb é Delta is cúis le 20% de líon na gcásanna nua a deimhníodh le seachtain

284 cás nua fógartha, imní faoi mhéadú ar scaipeadh chineál Delta an víris

284 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

53 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 13 acusan in aonad dianchúraim.

Léirigh an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, imní tráthnóna faoi scaipeadh an chineáil den ghalar a aithníodh ar dtús san India, an Delta. Dúirt sé gur an cineál sin is cúis le 20% de líon na gcásanna nua a deimhníodh le seachtain.

“Údar imní an méadú atá tagtha ar scaipeadh chineál Delta den choróinvíreas sa tír seo mar is léir ó fhigiúirí an lae inniu. Measaimid gurb é an Delta a bhí ar suas le 20% de na daoine a tholg an galar le seachtain. Chomh maith leis sin tá roinnt ráigeanna den chineál sin deimhnithe le seachtain,” arsa Holohan.

“Is ionann an patrún seo agus a bhfuil ag tarlú i roinnt tíortha eile san Aontas Eorpach. Is é an cineál Delta is forleithne sa Ríocht Aontaithe le roinnt seachtainí agus tá ardú ag teacht ar an líon daoine atá á gcur san ospidéal dá bharr.

“Tá sé fíorthábhachtach go gcloífeadh daoine nach bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu leis an gcomhairle sláinte phoiblí ar fad. An chomhairle chéanna a chuirim ar na daoine ar fad atá ag fanacht go bhfaighidh siad an dara snáthaid den AstraZeneca.

“Ba cheart do dhaoine glacadh le vacsaín nuair a thairgtear dóibh í agus idir an dá linn ba chóir dóibh plóid a sheachaint, gan bualadh le mórán daoine, gan cruinniú le chéile laistigh agus oibriú ón mbaile nuair is féidir,” a dúirt an Dr Holohan tráthnóna.

Thug an HSE le fios níos luaithe inniu go raibh súil acu go mbeadh daoine sna fichidí vacsaínithe go hiomlán faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair.

Dúirt Damien McCallion, atá i gceannas ar chlár vacsaínithe an HSE, go rabhthas ag súil go bhfaighidh daoine sna tríochaidí a gcéad vacsaín idir mhí an Mheithimh agus mí Iúil agus go mbeadh siad go hiomlán vacsaínithe roimh dheireadh mhí Lúnasa.

Dúirt McCallion go bhfuair breis is 340,000 duine vacsaín an tseachtain seo caite, an líon is mó in aon seachtain amháin go dtí seo.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig. 133 cás nua a deimhníodh.

16 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,140,838 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 810,405.

7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,155 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Fág freagra ar '284 cás nua fógartha, imní faoi mhéadú ar scaipeadh chineál Delta an víris'