28 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 763 cás nua fógartha

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn go raibh ‘píosa le dul fós againn’ maidir le smachtú an víris ach go raibh ‘laethanta níos fearr romhainn’

28 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 763 cás nua fógartha

Dr Ronan Glynn. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 28 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. 

763 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

754 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 151 acusan in ICU.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 187,893 duine agus an dara dáileog faighte ag 105,859 duine.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn go raibh bliain “an-chrua” curtha isteach ag daoine ach go raibh “píosa le dul fós againn”.

Ní fhéadfaí, a dúirt an Dr Glynn, “na maidí a ligean le sruth” mar go raibh ráta ard den víreas fós ann. 

 “Ach tá laethanta níos fearr romhainn. Tá daoine fós ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus an dlúthpháirtíocht á léiriú acu. Tá oibrithe sláinte díograiseacha dúthrachtacha againn agus táimid ag foghlaim níos mó faoin víreas i rith an ama. Tá trí cinn de vacsaíní anois á dtabhairt amach againn atá an-sábháilte agus an-éifeachtach ba chóir go gcuirfí go mór leis an soláthar sna seachtainí amach romhainn.” 

84 de chásanna an lae inniu a bhain le Gaillimh, 42 cás a bhí i bPort Láirge, 29 cás a bhí i gcontae na Mí agus 28 cás a bhí i gCorcaigh. 26 cás a bhain le Dún na nGall agus níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i gCiarraí.

Líon na Marbh
Ó Dheas 4,109
Ó Thuaidh 2,026
Iomlán 6,135
Líon na gCásanna
Ó Dheas 213,400
Ó Thuaidh 110,440
Iomlán 323,840

Meánráta coicíse 247 cás in aghaidh gach 100,000 atá i gceist sa stát faoi láthair. 

Tá an ceathrú ráta is airde sa stát fós i nGaillimh cé go bhfuil sé tite anois go dtí 329. Tá an ráta is ísle sa stát i gCiarraí, 69. Ráta 278 atá i bPort Láirge, 275 atá i gcontae na Mí, 245 atá i Maigh Eo, 165 atá i nDún na nGall agus ráta 114 atá i gCorcaigh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil cúigear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe. 

Deimhníodh 313 cás nua den ghalar ansin tráthnóna. 403 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh inniu agus bhí 49 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Tá 457,581 dáileog den vacsaín tugtha go dtí seo i dTuaisceart Éireann. Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 436,143 duine agus na dara ceann faighte ag 30,381.

6,135 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,026 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,109 duine ó dheas di.

323,840 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 213,400 cás ó dheas den teorainn agus 110,440 cás ó thuaidh di.

Idir an dá linn, tuairiscíodh inniu go bhfuil an Dr Emer Holohan, bean an Phríomhoifigigh Leighis, an Dr Tony Holohan, tar éis bháis den ailse.

Sheas an Dr Holahan siar óna chúram mar Phríomhoifigeach Leighis ar feadh trí mhí anuraidh chun am a chaitheamh lena bhean agus a gclann.

Fág freagra ar '28 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 763 cás nua fógartha'