27 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, baint ag dhá thrian de bhásanna le hionaid chúraim

1,856 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,429 ó dheas den teorainn agus 427 ó thuaidh di

27 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, baint ag dhá thrian de bhásanna le hionaid chúraim

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 27 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,856 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,429 ó dheas den teorainn agus 427 ó thuaidh di.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dó roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

Deimhníodh 156 cás nua tráthnóna, rud a fhágann gur 26,563 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 22,541 cás ó dheas agus 4,022 cás ó thuaidh.

Fógraíodh bás cúigear eile de dheasca Covid-19 sa Tuaisceart inniu.

De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach inniu tá  líon na mbásanna ó thuaidh a i bhfad níos airde ná 422.

516 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 1 Bealtaine. 383 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna ospidéil amháin den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shoiocair báis ar theastas báis.

Maidir leis 516 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 1 Bealtaine, bhain 232 acu, nó 45%, le 66 teach altranais nó ionad cúraim eile agus bhain 253 nó 49% acu leis na hospidéil. 

D’fhoisigh  NPHET chomh maith inniu eolas nua faoi aois na ndaoine le Covid-19 a bhásaigh ó dheas ó thús na ráige.

Briseadh síos ar líon na gcásanna agus na mbásanna go dtí seo

Aoisghrúpa Cásanna Básanna
0-4 120
5-9 108
10-14 145
15-19 357 *
20-24 1,226 *
25-29 1,719 *
30-34 1,970 *
35-39 1,944 6
40-44 1,981 *
45-49 2,171 9
50-54 1,949 13
55-59 1,707 30
60-64 1,262 25
65-69 771 69
70-74 910 128
75-79 974 180
80-84 1,241 304
85+ 2,329 652
Ní fios 31 *
Iomlán 22,915 1,429

Nóta: Ar mhaithe le rúndacht othar tá * curtha ag an Roinn Sláinte in áit líon na mbásanna san áit go raibh níos lú ná cúig bhás i gceist

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) baint éigin le hionad cúraim ag 899 den 1,429 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Ardú eile a bhí ansin. Bhain 777 de na cásanna sin, nó 54% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

Maidin inniu, 74 duine a raibh Covid-19 orthu a bhí sna haonaid dianchúraim ó dheas, beirt níos lú ná mar a bhí iontu maidin inné agus níos lú othar ná mar a bhí in ICU aon lá ó tháinig na srianta isteach ag deireadh mhí an Mhárta.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthnóna go raibh an cinneadh scrúduithe na hArdteiste a chur ar ceal ag teacht leis an gcomhairle faoin tsláinte poiblí.

Dúirt sé nach ndearna NPHET aon mholadh díreach maidir leis na scrúduithe.

Maidir le na scoileanna a bheith ag oscailt i mí Mhéan Fómhair, dhéanfaí cinneadh faoi sin lá níos faide anonn ag brath ar an dul chun cinn san fheachtas i gcoinne an choróinvíris, a dúirt an Dr Holohan.

Idir an dá linn, is í an Iodáil anois an tríú háit ar domhan inar bhásaigh níos mó ná 30,000 duine de thoradh na paindéime.

Fógraíodh 243 bás nua san Iodáil, i gcomparáid le 274 an lá roimhe.

An Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá an dá áit eile a bhfuil níos mó ná 30,000 duine curtha den saol iontu ag Covid-19.

Fág freagra ar '27 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, baint ag dhá thrian de bhásanna le hionaid chúraim'