269 cás nua den choróinvíreas fógartha, os cionn 1,000 duine básaithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime

Fógraíodh inniu go raibh 18 duine eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis ó dheas den teorainn agus bhí 15 bás eile le fógairt ó thuaidh di

269 cás nua den choróinvíreas fógartha, os cionn 1,000 duine básaithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 18 duine eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe.

Bhásaigh cúigear déag de na daoine sin mí na Samhna, bhásaigh duine acu mí Dheireadh Fómhair agus tá an dá bhás eile fós á bhfiosrú.

269 cás nua den choróinvíreas a bhí le deimhniú ag an Roinn Sláinte.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go gcaithfeadh an uile dhuine a bheith airdeallach sna seachtainí romhainn amach.

Bhí cead oscailte ag siopaí agus cead taistil ag daoine ina gcontaetha féin anois mar gheall ar an “obair chrua” a rinne cách, a dúirt an Dr Holohan, ach d’impigh sé ar dhaoine gan a bheith ag tabhairt cuairteanna ar thithe a chéile go dtí an 18 Nollaig.

Bhain 16 de na cásanna sin le Dún na nGall agus bhí 16 cás eile i nGaillimh, Naoi gcás a bhí i Maigh Eo, ocht gcás a bhí i gCorcaigh, sé chás a bhí í gcontae na Mí agus cúig chás a bhí i gCiarraí. Níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge.

Bhain 73 den 269 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá 224 othar atá buailte ag an Covid-19 sna hospidéil agus 31 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá ráta scaipthe an Covid-19 anois ag 87 cás in aghaidh gach 100,000 go náisiúnta.

Tá an ráta i nDún na nGall tite beagán ó 224 inné go dtí 211 inniu. Ráta 85 a bhí i Maigh Eo, 80 a bhí i gcontae na Mí agus 76 a bhí i bPort Láirge. 63 atá i gCorcaigh, 50 atá i nGaillimh agus 44 atá i gCiarraí.

Tá os cionn 1,000 duine a raibh an coróinvíreas orthu básaithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh 15 duine a raibh an aicíd tolgtha acu básaithe, rud a fhágann gur 1,011 líon na marbh ó thuaidh den teorainn.

Le lá anuas a bhásaigh seachtar den chúigear déag is déanaí a chuir an víreas den saol.

Dúirt an tAire Sláinte Robin Swann gur meabhrú a bhí sna figiúirí sin a chontúirtí is atá an víreas.

“Aon duine a dhéanann iarracht beag is fiú a dhéanamh de, mholfainn dóibh athmhacnamh a dhéanamh ar an scéal,” a dúirt Swann.

391 cás nua den ghalar a deimhníodh sa Tuaisceart inniu agus 419 othar Covid-19 atá sna hospidéil. Tá 38 díobhsan in aonad dianchúraim.

3,080 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,069 duine ó dheas den teorainn agus 1,011 duine ó thuaidh di.

125,654 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 72,798 cás ó dheas agus 52,856 ó thuaidh.

Pictiúr: JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY

Idir an dá linn, tá amhras mór caite ag an Taoiseach ar chuid den chomhairle is déanaí ó NPHET maidir leis an gcur chuige is fearr i dtaobh an Covid-19.

Mhol NPHET gur cheart srianta nua a thabhairt isteach ar feadh trí seachtaine sa chás go n-ardódh líon na gcásanna den ghalar os cionn 400 in aghaidh an lae, ach mhaígh an Taoiseach Micheál Martin go raibh an figiúir sin “very arbitrary”, nó ‘an-luaineach’.

276 cás in aghaidh an lae a bhí ann le sé lá anuas.

Agus é faoi agallamh ag an Irish Times, dúirt an Taoiseach nach dóigh leis go dtabharfar aon srianta nua isteach roimh an Nollaig.

Chomh maith le líon na gcásanna, dúirt Micheál Martin go raibh súil ghéar á coinneáil ar líon na ndaoine sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim agus ar líon na mbásanna de dheasca an ghalair.

Dúirt sé go raibh an stát ag cruthú níos fearr ná aon áit eile san Eoraip ó thaobh líon na gcásanna ar an meán le seacht lá anuas.

“Nílimid ag iarraidh go n-athródh sin, agus mar sin ní bheidh aon mhoill orainn gníomh a dhéanamh, ach ní dóigh linn go mbeidh gá lena leithéid roimh an Nollaig,” arsa an Taoiseach.

Dúirt sé go raibh teorainn leis an méid ama a d’fhéadfadh rialtais an dianghlasáil a chur i bhfeidhm ar an bpobal.

Caithfear “an chothromaíocht a fháil ceart, mar is faoin gcothromaíocht atá sé seo”, a dúirt an Taoiseach.

Dúirt sé gurb é an “teachtaireacht” a bhí aige do dhaoine ná súil a choimeád ar a gcuid iompair agus gur gá cuimhneamh go raibh “tábhacht le gach teagmháil”.

Idir an dá linn, tá comhaontú réamhcheannaigh ceadaithe ag an Rialtas i leith 875,000 dáileog den vacsaín Covid-19 atá forbartha ag Moderna.

Táthar ag súil go gcuirfear na dáileoga sin ar fáil sa tír seo san athbhliain, chomh luath agus a bheidh ceadúnas faighte ón Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach(EMA).

Tá conarthaí sínithe cheana féin ag Éirinn do cheithre vacsaín eile.

Bhí a ndara cruinniú inné ag an tascfhórsa atá ag plé le straitéis an stáit i leith an vacsaínithe.

Deir an Rialtas gur dócha gur luath sa bhliain nua a chuirfear tús le clár vacsaínithe.Tá an tascfhórsa lena straitéis náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais an 11 Nollaig.

Tá sé ráite ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach go mbeidh cruinniú urghnách acu ar an 29 Nollaig ‘ar a dheireanaí’ chun an t-iarratas ar cheadúnas éigeandála don vacsaín Covid-19 atá á táirgeadh ag BioNTech agus Pfizer a phlé.

Athosclaíodh siopaí, gruagairí, leabharlanna agus ionaid aclaíochta inniu den chéad uair le sé seachtaine agus deireadh tagtha leis an dara tréimhse dianghlasála sa stát.

Tháinig srianta Leibhéal 3 isteach in áit srianta Leibhéal 5 inniu agus beidh cead oscailte Dé hAoine ag bialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.

Tá deireadh inniu chomh maith leis an gcosc taistil 5 ciliméadar ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontaetha féin go dtí an 18 Nollaig.

Inniu an chéad chéim de phlean díghlasála trí chéim an Rialtais.

 

Fág freagra ar '269 cás nua den choróinvíreas fógartha, os cionn 1,000 duine básaithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime'