265 cás nua den choróinvíreas fógartha, tús a chur leis an vacsaíniú sa Tuaisceart Dé Máirt seo chugainn

Baineann cuid de chásanna an lae inniu leis an lá inné nuair a d’fhág fadhb IT gur tuairiscíodh níos lú cásanna ná mar a bhí ann

265 cás nua den choróinvíreas fógartha, tús a chur leis an vacsaíniú sa Tuaisceart Dé Máirt seo chugainn

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá 265 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Seisear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Baineann cuid de chásanna an lae inniu leis an lá inné. D’fhág fadhb IT gur tuairiscíodh níos lú cásanna inné ná mar a bhí ann.

Bhain 19 den 265 cás nua inniu le Dún na nGall, 15 cás a bhí i nGaillimh agus 12 cás a bhí i gCorcaigh. Bhí níos lú ná cúig chás nua i gceist i bPort Láirge, i Maigh Eo agus i gCiarraí. Ní raibh cás ar bith le fógairt i gcontae na Mí.

84 cás nua a bhain le Baile Átha Cliath.

232 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 27 acusan in aonad dianchúraim.

78.3 an ráta coicíse den ghalar in aghaidh gach 100,000 duine.

Ráta 211 atá i nDún na nGall, 83 atá i Maigh Eo agus 69 atá i bPort Láirge. Ráta 49 atá ann i gCorcaigh, i nGaillimh agus i gcontae na Mí agus ráta 35 atá i gCiarraí.

Dé Máirt a thosófar ag tabhairt snáthaid Pfizer/BioNTech do dhaoine ó thuaidh de teorainn.

Tá 25,000 dáileog den vacsaín tugtha as Sasana trí chalafort Átha Cliath agus tosófar á tabhairt do dhaoine in Ospidéal an Royal Victoria maidin Dé Máirt. Ní mór dhá shnáthaid den vacsaín seo a fháil trí seachtaine óna chéile agus fágann sin go bhfuil dóthain ann anois do 12,500 people.

Dúirt Robin Swann, Aire Sláinte Stormont “gur dea-scéala é teacht na vacsaíne” mar go rabhthas ag fanacht léi “le míonna fada”. Chuir sé fainic ar dhaoine nach cóir a bheith éirí míchúramach mar go raibh “bóthar fada romhainn go fóill” ach go bhfuil “údar dóchais” ann.

Dheimhnigh an tAire gurb iad an lucht leighis a bheidh i mbun an vacsaín a thabhairt don phobal is túisce a gheobhaidh an vacsaín agus go gasta ina ndiaidh sin “na grúpaí tosaíochta”.

Dúirt sé go raibh “dúshláin mhóra” le sárú chun an vacsaín a chur ar fáil in ionaid chúraim de bharr go gcaithfear é a choinneáil ag teocht an-íseal ach dúirt go raibh an Roinn ag scrúdú an scéil go mion.

Bhásaigh seisear eile sa Tuaisceart inniu de bharr an choróinvíris, rud a fhágann go bhfuil 1,032 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas ó thuaidh faoin tráth seo.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 449 cás nua den víreas inniu.

Tá 402 othar san ospidéal ansin ag an Covid-19, 35 díobh in ionaid dianchúraim agus 24 díobhsan ar aerálaí.

3,118 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,086 duine ó dheas den teorainn agus 1,032 duine ó thuaidh di.

127,668 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 73,491 cás ó dheas agus 54,177 ó thuaidh.

Fág freagra ar '265 cás nua den choróinvíreas fógartha, tús a chur leis an vacsaíniú sa Tuaisceart Dé Máirt seo chugainn'