264 cás nua fógartha agus beirt eile a raibh an galar orthu básaithe

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh cúigear eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe agus go raibh 419 cás nua deimhnithe

264 cás nua fógartha agus beirt eile a raibh an galar orthu básaithe

Tá 264 cás nua den choróinvíreas fógartha inniu ag an Roinn Sláinte. Beirt eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

24 cás nua a bhí i nDún na nGall inniu, 19 cás a bhí i gCiarraí agus deich gcás a bhí i gCorcaigh. Naoi gcás a bhí i Maigh Eo, ocht gcás a bhí i bPort Láirge, seacht gcás a bhí i gcontae na Mí agus cúig chás a bhí i nGaillimh.

Bhí 79 den 264 cás nua inniu i mBaile Átha Cliath.

215 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 33 acusan in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an ghalair sa stát anois ag 83.4 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall – 226. Ráta 107 atá i Maigh Eo, 78 atá i bPort Láirge agus 61 atá i gcontae na Mí. Ráta 54 atá i nGaillimh, 31 atá i gCiarraí agus 25 atá i gCorcaigh.

Tosófar ar an vacsaín Pfizer/BioNTech a thabhairt do dhaoine seachtain i ndiaidh don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht a thabhairt di, a deir an Taoiseach Micheál Martin.

Meastar go ndéanfaidh an EMA sin ar an 29 Nollaig rud a fhágann go mbeidh an chéad bhaisc réidh le dáileadh sa stát go luath mí Eanáir. Déanfaidh an EMA cinneadh faoi vacsaín Moderna ar an 12 Eanáir.

Daoine in ionaid chúraim agus oibrithe sláinte is túisce a gheobhaidh an vacsaín.

Dúirt an Taoiseach nach mbeadh ach líon teoranta vacsaíní ar fáil mí Eanáir agus mí Feabhra ach go mbeadh dóthain ann do na daoine a bhfuil tús áite á thabhairt dóibh.

An Taoiseach Mícheal Martin. Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

Beidh níos mó vacsaíní ar fáil mí Mhárta, Aibreáin agus Bealtaine de réir mar a bheidh soláthar ag teacht ó lucht a ndéanta.

Dúirt an Taoiseach ar Morning Ireland ar RTÉ gur údar imní dó an t-ardú ar líon na gcásanna den Covid-19. 429 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte inné.

Dúirt an Taoiseach nach bhféadfaí na maidí a ligint le sruth agus go mbeadh gá lena thuilleadh srianta mí Eanáir má leanann líon na gcásanna ag ardú.

Chomhairligh sé do dhaoine a bheith an-chúramach maidir le líon na ndaoine eile go mbuaileann siad leo as seo go Nollaig.

Dúirt sé nach aon leithscéal é teacht na vacsaíne lena bheith réchúiseach, cé go gcabhródh sí go mór linn an víreas a bhrú faoi chois.

Foilseofar amárach pleananna thascfhórsa na vacsaíne a bunaíodh chun straitéis vacsaínithe a fhorbairt. Oibrithe sláinte phoiblí, dochtúirí agus poitigéirí a chuirfidh an tsnáthaid ar fáil.

Cé go bhfuil an Stát ar tí dhá cineál vacsaíne in aghaidh an Covid-19 a thabhairt isteach, tá imní ann i gcónaí faoi dhaoine a deir nach bhfaighidh siad an tsnáthaid. Dúirt an LeasPhríomh-Oifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn inné go gcaithfí a chur ar a súile do dhaoine nach raibh aon chúis imní acu.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh cúigear eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 419 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

429 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 31 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 98% de na leapacha ansin lán inniu.

3,255 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,126 duine ó dheas den teorainn agus 1,129 duine ó thuaidh di.

135,084 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 76,449 cás ó dheas agus 58,635 ó thuaidh.

Fág freagra ar '264 cás nua fógartha agus beirt eile a raibh an galar orthu básaithe'