254 cás nua den choróinvíreas agus an fhainic is práinní ón earrach eisithe

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn go bhfuil imní ar leith ar NPHET faoi Dhún na nGall agus Port Láirge

254 cás nua den choróinvíreas agus an fhainic is práinní ón earrach eisithe

Tráthnóna a d’eisigh NPHET an fhainic is práinní ón earrach faoi scaipeadh an Covid-19.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET go raibh “níos mó imní” air anois ná a bhí air “tráth ar bith ó dheireadh an Aibreáin”.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil triúr eile básaithe de dheasca an Covid-19 agus deimhníodh 254 cás nua sa stát.

14 duine a fuair bás de dheasca an ghalair go dtí seo i Meán Fómhair.

Bhain 136 den 254 cás nua a fógraíodh inniu le Baile Átha Cliath, nó 54%.

Fógraíodh go raibh 20 cás nua deimhnithe i nDún na nGall, an líon is mó cásanna in aon chontae amháin taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Bhain naoi gcinn de na cásanna inniu le Port Láirge.

Dúirt an Príomhoifigeach Sláinte Gníomhach, an Dr Ronan Glynn, go raibh cúrsaí dulta in olcas i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre le seachtain.

“Údar imní an treo a bhfuil cúrsaí ag dul i mBaile Átha Cliath ach tá an-imní orainn freisin faoi chúrsaí i gcontaetha Lú, Phort Láirge agus Dhún na nGall.”

Sé chás nua a bhí i nGaillimh, cúig cinn a bhí i gCiarraí agus bhí ar a laghad cás amháin i Maigh Eo.

Idir 1.3 agus 1.7 atá ráta scaipthe an ghalair faoi láthair, a dúirt an tOllamh Nolan agus dúirt sé go rachadh cúrsaí in olcas go mór mura ndéanfaí é a laghdú.

“Mura seasann muid roimh an víreas seo anois agus an uimhir R a thabhairt anuas faoi 1 arís, is léir ón samhaltú go bhféadfadh idir 500-1,000 cás sa lá a bheith againn faoin 16 Deireadh Fómhair, agus is i mBaile Átha Cliath a bheadh idir 50-60% acu sin,” a deir an tOllamh Nolan.

Dá bhfanfadh sé ag 1.4, faoin 14 Deireadh Fómhair bheadh 500-600 cás gach lá ann. Dá mbeadh sé ag 1.8, faoin 14 Deireadh Fómhair bheadh 1,300 cás sa lá ann. Tá an galar ag scaipeadh “i bhfad róthapa”, ar sé.

Thug an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Oibríochtaí an HSE, rabhadh faoin ardú atá ar an ráta a bhfuil daoine a bhfuil Covid-19 orthu á gcur in ospidéil agus deir sé mura dtagann athrú ar chúrsaí, go mbeadh “brú nach bhféadfaidís a sheasamh” ar sheirbhísí cúram sláinte.

Tá 73 duine in ospidéil inniu agus é deimhnithe go bhfuil an Covid-19 tolgtha acu agus tá cúram criticiúil á chur ar fáil do 14 acusan. Sin an líon is airde in ospidéil de bharr an víris ó mhí an Mheithimh.

Cúpla seachtain ó shin ní bhíodh ach othar amháin gach aon chúig lá a mbíodh leaba in aonad dianchúraim uaidh ach othar sa lá a bhíonn amhlaidh anois.

Bhain 13 den 254 cás is déanaí le contae Lú, 12 cás a bhí i gCill Mhantáin, seacht gcás a bhí i gCeatharlach agus cúig chás a bhí i Loch Garman.

Tá sé deimhnithe gur bhain 61% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air. Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 24 cás.

Bhí 65% de na daoine a buaileadh faoi bhun 45 bliain d’aois.

Tá breis is milliún tástáil Covid-19 déanta sa stát ó bhuail an coróinvíreas an tír.

De réir figiúirí a d’eisigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag meán lae inniu, tá 1,001,647 tástáil déanta ó thús na paindéime anseo.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go raibh beirt eile básaithe de dheasca an Covid-19 agus fógraíodh go raibh 129 cás nua deimhnithe acu.

40,051 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 31,549 cás ó dheas den teorainn agus 8,631 cás ó thuaidh di.

2,363 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,790 duine ó dheas agus 573 ó thuaidh.

Níos túisce inniu dúirt Mike Ryan, ceannasaí chláir éigeandála sláinte na hEagraíochta Domhanda Sláinte nach bhfuil aon bharántas againn go dtiocfar ar vacsaín don Covid-19.

“Tá súil againn go dtiocfar ar vacsaín ach níl aon chinnteacht ann faoi sin, agus fiú má fhaighimid vacsaín beidh neart oibre fós le déanamh. Sílim go bhfuil go leor is féidir linn a dhéanamh anois díreach chun an víreas seo a smachtú agus  caithfimid an-dlús a chur lenár n-iarrachtaí chun sin a dhéanamh,” a dúirt Mike Ryan.

Thagair Ryan chomh maith don dúshlán a bheadh ag baint le vacsaín a chur ar fáil ar fud na cruinne.

“An fhadhb a bheidh ann dóthain den vacsaín a tháirgeadh go gasta,” a dúirt sé.

“B’uafásach an scéal é mura mbeadh teacht ag daoine fíorleochaileach sna tíortha atá i mbéal forbartha ar an vacsaín agus go mbeadh dhá dháileog ar fáil do dhaoine nach gcuirfeadh sé isteach chomh mór sin orthu (i dtíortha saibhre).”

Tá breis is 5 mhilliún buailte ag an víreas san India faoin tráth seo agus an víreas fós ag scaipeadh go rábach ansin. Chuir an víreas 82,000 duine den saol sa tír ó thús na paindéime.

Na Stáit Aontaithe an t-aon tír eile ina bhfuil níos mó cásanna den víreas, tá an víreas tolgtha ag 6.59 milliún duine ansin. Deimhníodh breis is milliún cás nua den víreas le 11 lá anuas sna Stáit Aontaithe agus bhí lá amháin ann gur deimhníodh breis is 90,000 cás nua.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, níos túisce inniu gur foilsíodh plean nua an Rialtais don Covid-19 “ag am míthráthúil”.

Dúirt Dr Glynn gur “díol trua” é gur foilsíodh an plean nua tráth a bhfuil “an bealach” a bhfuil scaipeadh an ghalair ag dul ag athrú.

Tá cáineadh á dhéanamh ar an Rialtas ó foilsíodh an plean nua inné agus é curtha ina leith nach raibh Baile Átha Cliath anseo nó ansiúd sa chóras nua, é ag Leibhéal 2 amhail an chuid eile den tír ach srianta breise le cur i bhfeidhm ann.

Dúirt an Dr Glynn go raibh an chomhairle a bhí á cur ar mhuintir Bhaile Átha Cliath soiléir.

“Nílimid ag iarraidh ort a bheith ag meascadh le níos mó ná líon tí amháin eile. Go bunúsach, ní hé seo an t-am chun beáranna fliucha a oscailt i mBaile Átha Cliath agus chomh maith leis sin, más féidir, agus seo an nuance  …táimid ag iarraidh ar dhaoine gan taisteal lasmuigh de Bhaile Átha Cliath as seo go ceann cúpla seachtain más féidir,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Dúirt an Dr Glynn go rabhthas ag iarraidh go mbeadh cur chuige stuama caolchúiseach ann ó thaobh na mbeartas sláinte phoiblí agus go mbíonn “mearbhall” ar dhaoine dá bharr.

Idir an dá linn, dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath go bhfuil “gach seans” ann go gcuirfear Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal 3 den phlean Living With Covid-19 roimh dheireadh na seachtaine.

Dá mbogfaí Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal a Trí bheadh srianta taistil i gceist agus bheadh cosc iomlán ar theaghlaigh bualadh le chéile agus ar gach cineál ócáidí sóisialta agus teaghlaigh. Bheadh cosc ar chluichí agus imeachtaí spóirt seachas ag an leibhéal is airde.

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe níos túisce inniu go raibh seans láidir ann go bhfógrófaí srianta níos déine do Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Dúirt Donohoe go raibh imní mhór ar an Rialtas faoin tslí a bhfuil an galar ag scaipeadh san ardchathair, go háirithe i measc na dteaghlach.

D’impigh sé ar dhaoine i mBaile Átha Cliath fanacht ann agus ar dhaoine lasmuigh den chathair gan dul ann.

Dúirt Donohoe go raibh seans láidir ann go bhfógrófaí tuilleadh srianta do Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Tá cruinniú amárach ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, mar a ndéanfar plé ar chás Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil an galar ag scaipeadh i bhfad níos tréine ná sa chuid eile den tír.

D’fhoilsigh an Rialtas inniu na srianta breise a fógraíodh inné.

Deirtear nár chóir go mbeadh níos mó ná seisear ó dhá theaghlach ag aon teacht le chéile  i mBaile Átha Cliath, bíodh sin taobh amuigh nó taobh istigh. Ba cheart do mhuintir Bhaile Átha Cliath srian a chur le turasanna lasmuigh den chontae agus má fhágann siad an contae níor cheart dóibh bualadh ach le teaghlach amháin eile.

Ní bheidh cead oscailte an tseachtain seo chugainn ag na tithe tábhairne san ardchathair nach bhfuil bia ar fáil iontu. Níl cead ach ag 100 duine freastal ar ócáidí spóirt agus eile  i mBaile Átha Cliath is cuma cé chomh mór is atá an t-ionad. Ba chóir d’institiúidí ardoideachais agus tríú leibhéal Bhaile Átha Cliath cuimhneamh ar bheartais chosanta bhreise a thabhairt isteach.

Dhein polaiteoirí ón bhfreasúra cáineadh sa Dáil inniu ar an “doiléire” a bhain le seoladh an phlean nua chun dul i ngleic leis an Covid-19 agus le teachtaireachtaí an Rialtais i dtaobh Bhaile Átha Cliath go háirithe.

Nuair a seoladh an plean inné, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly – a raibh toradh diúltach ar an tástáil a cuireadh air don ghalar inné – nach raibh aon cheist faoi ach go raibh cead ag daoine san ardchathair taisteal lasmuigh di.

Ach dúirt an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Leo Varadkar ina dhiaidh sin go rabhthas ag moladh go láidir do dhaoine gan déanamh amhlaidh mura mbeadh sé riachtanach.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Alan Kelly gur “drochlá amach is amach don Rialtas a bhí sa lá inné” ach go gcaithfí dearmad a dhéanamh air sin agus “soiléireacht” a thabhairt don phobal.

Fág freagra ar '254 cás nua den choróinvíreas agus an fhainic is práinní ón earrach eisithe'