25,000 dalta ag glacadh páirte in Gaeilge24 inniu

Tá níos mó ná 200 scoil ar fud na hÉireann ag glacadh páirte i ndúshlán Gaeilge24, atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge inniu

Daltaí ó Scoil Ghraiméir Droichead Átha, Co. Lú, ag tabhairt faoin dúshlán Gaeilge24 de chuid Chonradh na Gaeilge chun Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a'chloig agus airgead á bhailiú acu do chur chun cinn na teanga. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/Gaeilge24 | www.facebook.com/Gaeilge24/ | #Gaeilge24 ar Twitter
Daltaí ó Scoil Ghraiméir Droichead Átha, Co. Lú, ag tabhairt faoin dúshlán Gaeilge24

Tá 25,000 dalta i mbreis agus 200 scoil ar fud na hÉireann ag glacadh páirte i ndúshlán Gaeilge24 atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge inniu. Agus iad ag labhairt i nGaeilge amháin, tá na daltaí ag bailiú airgid do Chonradh na Gaeilge a úsáidfear chun an teanga a chur chun cinn ar feadh an lae.

Tá an ‘dúshlán’ á rith den cheathrú bliain as a chéile agus is i méid atá sé ag dul gach bliain, dar leis an gConradh. Tá scoileanna ó bheagnach gach contae in Éirinn ag glacadh páirte i mbliana agus  níos mó daoine i mbun an dúshláin anois ná mar a bhí riamh cheana, a dúradh.

Dúirt Aodhán Ó Deá, Bainisteoir an Dúshláin Gaeilge24, go raibh úsáid na Gaeilge “á normalú” ag Conradh na Gaeilge le Gaeilge24.

“Is iontach an rud é go bhfuil 5,000 dalta breise tar éis clárú don dúshlán i mbliana. Tá na mílte pacáiste tacaíochta seolta againn chuig scoileanna thuaidh agus theas le cúpla lá anuas, agus táimidne i gConradh na Gaeilge ar bís chun an Ghaeilge a chloisteáil in úsáid ag breis agus 25,000 scoláire ar fud an oileáin ar aon lá amháin,” a dúirt sé.

Tá an haischlib #Gaeilge24 in úsáid ar Twitter ag scoileanna, múinteoirí agus daltaí atá ag glacadh páirte sa dúshlán inniu. Tá idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta ag glacadh páirte sa dúshlán.

Leag Conradh na Gaeilge dúshlán eile os a gcomhair féin an mhí seo caite, Comhrá ’15, ina ndearnadh iarracht an comhrá is faide a riamh i nGaeilge a chur ar bun. Mhair an dúshlán ó 9rn ar 6 Deireadh Fómhair go dtí 11rn ar 13 Deireadh Fómhair.

Níor éirigh le Comhrá 15 an sprioc a bhaint amach, áfach agus seasann an churiarracht dhomhanda do chomhrá Gaeilge ag 169 uair a’ chloig a baineadh amach le linn Comhrá 14 anuraidh é.

Bhí 80 grúpa agus na mílte duine ó ghrúpaí agus scoileanna ar fud na cruinne páirteach i gComhrá 15 agus dúirt Conradh na Gaeilge go raibh siad ‘an-sásta’ leis.

Tá sé i gceist ag an gConradh tabhairt faoin dúshlán céanna arís an bhliain seo chugainn le linn Comhrá 16.