25 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime agus 137 braisle in ionaid altranais

313 duine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 78 duine ó thuaidh den teorainn agus 235 ó dheas di, agus 7,413 cás deimhnithe atá ann

25 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime agus 137 braisle in ionaid altranais

Tá 25 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime Covid-19, rud a fhágann go bhfuil os cionn 300 duine san iomlán básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig.

San oirthear a bhí triúr déag de na daoine a bhásaigh agus bhí ochtar i dtuaisceart na tíre. Bhí beirt i ndeisceart na tíre agus san iarthar a bhí an bheirt eile.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag 18 duine acu.

Ba í an aois mheánach ná 80.

365 cás nua den choróinvíreas atá deimhnithe ag an Roinn Sláinte.

313 duine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 78 duine ó thuaidh den teorainn agus 235 ó dheas di. 7,413 cás atá in Éirinn, 6,074 ó dheas agus 1,339 ó thuaidh.

Maidir leis an 235 bás ó dheas:

  • Tharla 168 (72%) acu in ospidéal
  • Tharla 27 (12%) acu in aonaid dianchúraim
  • Bhí fadhbanna sláinte eile ag 190 (81%) duine
  • 148 fear agus 67 bean a bhí i gceist
  • 81 an aois mheánach a bhí acu

Fógraíodh chomh maith anocht gur 137 braisle cásanna atá anois in ionaid altranais agus ionaid chúraim na tíre, méadú suntasach eile.

Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna go raibh cúigear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.

84 cás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna agus cuireadh tástáil ar 406 duine eile ó inné.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte ó dheas, gurb í tuairim an Lárionad Eorpach Um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) go raibh “baol an-ard” i gcónaí in Éirinn go leanfadh an víreas leis ag scaipeadh. Dúirt sé go raibh baol an-ard ann i gcónaí chomh maith go dtiocfadh an iomarca brú ar an gcóras sláinte, in ainneoin na mbeartas agus na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an víreas.

“Is ar na cúiseanna sin atáimid ag iarraidh ar dhaoine arís fanacht ag baile agus cloí leis na treoracha maidir leis an tsláinte phoiblí. Bíodh is go dtuigimid go bhfuil na beartais seo dian, go háirithe agus deireadh seachtaine bainc breá gréine romhainn, tá ag éirí le hiarrachtaí an phobail, tá a rian le feiceáil agus is mór an leas atá á ndéanamh acu,” arsa an Dr. Ronan Glynn.

Tá tástáil curtha ar 9,564 duine ar fad sa Tuaisceart ó thosaigh an ráig. 42,484 tástáil don choróinvíreas a bhí déanta ó dheas faoin lá inné.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 5,981 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Luain seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 46% de na cásanna agus mná iad 53%
  • 299 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 1,288 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,472 duine, nó 25%
  • As na daoine sin, cuireadh 224 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim, 3.7% de líon iomlán na gcásanna
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 1,568 cás, 26%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 3,268 cás, nó 55%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 431 cás, nó 7%
  • 134 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.2%), 122 a bhí i gcontae Chiarraí (2%), 120 cás a bhí i nDún na nGall (2%), 130 cás a bhí i Maigh Eo (2.2%), 52 cás a bhí i bPort Láirge (0.9%) agus 183 cás a bhí i gcontae na Mí (3.1%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 67% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 10%

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil an dá rialtas ag impí ar dhaoine fanacht ag baile deireadh seachtaine na Cásca agus cloí leis na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. Beidh Operation Fanacht á chur i bhfeidhm ag an nGarda Síochána le cinntiú go gcloífear leis na rialacha.

Idir an dá linn, fógraíodh laghdú ar líon na mbásanna san Iodáil inniu agus 542 duine eile básaithe de thoradh na paindéime. B’ionann sin agus an líon is lú básanna an tseachtain seo. 919 bás a tuairiscíodh san Iodáil ar an 27 Márta, an lá ba mheasa sa tír is measa atá buailte ag an ngalar.

Tháinig ardú ar líon na gcásanna den víreas a fógraíodh san Iodáil inniu, ach tuairiscítear go raibh baint ag an ardú sin ar ardú ar líon na dtástálacha inné.

757 bás eile a fógraíodh sa Spáinn inniu, i gcomparáid le 743 Dé Máirt.

14,555 duine atá curtha den saol sa Spáinn ag an bpaindéim ach ag laghdú atá an t-ardú laethúil ar líon na mbásanna le hais seachtain ó shin.

Dúirt Salvador Illa, aire sláinte na Spáinne, go raibh a buaic sroichte ag an ráig agus go raibh an galar ag dul i ndísc de réir a chéile.

Fógraíodh go raibh 828 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe in ospidéil Shasana. 6,483 duine a raibh an víreas orthu atá básaithe i Sasana ó thosaigh an ráig. Ardú 938 a bhí i gceist sa Ríocht Aontaithe, an t-ardú is mó fós, agus 7,097 duine ar fad atá curtha den saol ag an bpaindéim ansin.

Os cionn 1.4 milliún cás den choróinvíreas atá deimhnithe sa domhan.

 

Fág freagra ar '25 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime agus 137 braisle in ionaid altranais'