25 bliain ó shin frítheadh an glaoch i San Francisco go raibh sos comhraic fógartha in Éirinn…

Ainneoin na ndeacrachtaí agus na ndúshlán le cúig bliana fichead, is mithid dúinn ar fad cuimhneamh ar an dóchas a bhí againn ar an 31 Lúnasa 1994

25 bliain ó shin frítheadh an glaoch i San Francisco go raibh sos comhraic fógartha in Éirinn…

Martin Mc Guinness, Lucilita Bhreatnach agus Gerry Adams. Pictiúr: RollingNews.ie

An cuimhin leat cá raibh tú ar an 31 Lúnasa 1994? An bhfuil an dáta chomh greanta i do chuimhne agus atá feallmharú na gCinnéideach, i 1963 agus i 1968, ar an lá ar bhuail na heitleáin na túir i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair 2001 nó nuair a chuala tú go raibh an Stát seo bancbhriste agus fios curtha ar an gCiste Airgeadais Idirnáisiúnta?

Mura bhfuil, b’fhéidir gur chóir go mbeadh. Tá sé ar cheann de na laethanta is suntasaí i stair na tíre. D’fhógair an tIRA sos comhraic iomlán an lá sin. Sos comhraic a baineadh amach tar éis go leor cainte, go leor mealladh agus go leor idirbheartaíochta.

Ar ndóigh ní raibh ann ach tús.

Tá go leor oibre fós le déanamh.

Bhí mise trí bliana fichead i 1994. Bhí mé tar éis críochnú ag an ollscoil agus ag tnúth le tosú ag obair i seomra nuachta Raidió na Gaeltachta. Bhí mé ar saoire sna Stáit Aontaithe an lá úd.

In San Francisco a bhí mé an oíche úd. Bhí mé ar cuairt ar theaghlach de bhunadh Mhaigh Eo a raibh blianta fada caite acu thall. Bhí beirt fhear óg as Tír Eoghain sa gcomhluadar freisin. Bhí siadsan ag cur fúthu go mídhleathach thall. Frítheadh glaoch gutháin as Éirinn le rá go raibh an sos comhraic fógartha. Chruinnigh muid timpeall na teilifíse. Ba dheacair a chreidiúint go raibh scéal as Éirinn ar cheann na nuachta ar mhórbhealaí teilifíse Mheiriceá ar fad. Ní minic a tharlaíonn sé sin.

Is cuimhin liom a bheith ag breathnú ar na carranna suas agus anuas Bóthar na bhFál. Na sluaite ag ceiliúradh agus ag cur fáilte roimh Gerry Adams agus Martin McGuinness.

D’fhan muid leis na cláracha nuachta píosa mór den oíche. Chonaic muid agallaimh leis an Taoiseach Albert Reynolds, le ceannaire an SDLP John Hume agus Uachtarán na Stát Aontaithe Bill Clinton. Ba dheacair cur síos ar an ngliondar agus ardú croí a bhain leis an ócáid. Ba dheacair a shamhlú an oíche sin go mbeadh an dul chun cinn ina dhiaidh chomh mall.

Cúig bliana fichead dár gcionn tá cúrsaí in Stormont ina lánstad agus an chosúlacht ar chúrsaí gur mó an bhearna anois ná riamh idir na príomhpháirtithe. Tá chuile shórt ó thaobh na polaitíochta ag tarlú faoi scáth an Bhreatimeachta agus an dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh do Thuaisceart Éireann. Ainneoin na ndeacrachtaí agus na ndúshlán le cúig bliana fichead, is mithid dúinn ar fad cuimhneamh ar an dóchas a bhí againn ar an 31 Lúnasa 1994.  Tá an saol athraithe ó bhonn le cúig bliana fichead anuas agus is cóir do chuile aicme machnamh a dhéanamh ar an méid sochraidí nár tharla, ar na teaghlaigh nár scriosadh agus ar na daoine óga ar fad atá tagtha chun coinlíochta ó shin agus gan cuimhne dá laghad acu ar an gcoimhlint ar shráideanna an tuaiscirt.

Is cóir spiorad an dóchais a bhí ar fud na tíre an oíche sin, agus chomh fada ó bhaile le San Francisco, a thabhairt chun cuimhne.

Fág freagra ar '25 bliain ó shin frítheadh an glaoch i San Francisco go raibh sos comhraic fógartha in Éirinn…'