25 bás eile de dheasca an choróinvíris deimhnithe, 566 cás nua fógartha

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go bhfuil obair mhór déanta ag an bpobal chun an víreas a chur faoi chois ach go bhfuil ráigeanna fós ag tarlú in áiteanna áirithe

25 bás eile de dheasca an choróinvíris deimhnithe, 566 cás nua fógartha

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 25 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

I mí an Mhárta a bhásaigh cúigear de na daoine sin, bhásaigh 13 duine an mhí seo caite agus bhain bás seisir eile leis an tréimhse roimhe sin.

566 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 

489 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 114 acusan in ICU. Cuireadh 29 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go bhfuil obair mhór déanta ag an bpobal chun an víreas a chur faoi chois ach go bhfuil ráigeanna fós ag tarlú in áiteanna áirithe.

 “Ó thaobh an ghalair de tá cúrsaí ag dul sa treo ceart i gcónaí a bhuíochas d’obair chrua agus d’íobairtí thromlach an phobail. Mar sin féin tá ráigeanna fós ag tarlú sa bpobal, ráigeanna a bhaineann leis an teaghlach sínte, le hionaid oibre agus sochraidí. Caithfimid a bheith san airdeall ar an gcineál B117 den Covid-19, cineál atá an-tógálach agus is eol dúinn go maith gurb é is coitianta in Éirinn faoi láthair.  

“An dul chun cinn atá le feiceáil againn inniu, is de bharr go rabhamar sásta cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí a tharla sé. Is féidir linn leanúint orainn ag ceansú scaipeadh an Covid-19 ach fanacht sa mbaile chomh maith agus is féidir, na lámha a ní go maith agus go minic agus clúdach éadain a chaitheamh.” 

Líon na Marbh
Ó Dheas 4,357
Ó Thuaidh 2,069
Iomlán 6,420
Líon na gCásanna
Ó Dheas 221,189
Ó Thuaidh 113,006
Iomlán 334,195

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 297,899 duine agus an dara dáileog faighte ag 141,883 duine.

Bhain 30 de chásanna an lae inniu le contae na Mí, bhí 25 cás i nDún na nGall, 19 cás a bhí i gCorcaigh agus 17 cás a bhí sa Ghaillimh.

Ocht gcás a bhí i Maigh Eo, ocht gcás a bhí i gCiarraí agus sé chás a bhí i bPort Láirge.

Tá an meánráta coicíse anois tite faoi bhun 200 cás in aghaidh gach 100,000 sa stát. Ráta 199 a bhí i gceist le coicís anuas.

Tá an ráta i nGaillimh tite go dtí 223, ráta 214 atá i gcontae na Mí agus 212 atá i Maigh Eo.

Ráta 199 atá i nDún na nGall, 175 atá i bPort Láirge, 61 atá i gCorcaigh agus is i gCiarraí, mar a bhfuil ráta 60 ann, atá an ráta is ísle sa stát.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 226 cás nua den ghalar. 307 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 31 díobhsan in aonaid dianchúraim.

6,420 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,063 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,357 duine ó dheas di.

334,195 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 221,189 cás ó dheas den teorainn agus 113,006 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '25 bás eile de dheasca an choróinvíris deimhnithe, 566 cás nua fógartha'