2,466 cás nua fógartha, 90 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

1,355 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seachtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

2,466 cás nua fógartha, 90 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

Tá 2,466 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

457 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, naonúr níos mó ná inné, agus bhí 90 acusan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná mar a bhí i gceist inné.

1,355 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seachtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,646 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

358 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, duine níos mó ná inné, agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná inné.

Léirigh na staitisticí is deireanaí gur tháinig ardú ar ráta scaipthe an Covid-19 i bhformhór mór na gceantar Gaeltachta ar fud na tíre le seachtain anuas.

Ardú beagnach 110% a tháinig ar líon na gcásanna i gCorca Dhuibhne ach tá na trí ráta scaipthe is ísle sa stát i dtoghcheantair Ghaeltachta i gConnachta.

Fág freagra ar '2,466 cás nua fógartha, 90 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim'