242 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, bás ar bith eile le fógairt don dara lá as a chéile

Is in Éirinn anois atá an ráta coicíse agus an ráta seachtaine is ísle san Aontas Eorpach

242 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, bás ar bith eile le fógairt don dara lá as a chéile

Tá 242 cás nua den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt acu don dara lá as a chéile.

16 duine a raibh an galar tolgtha acu a bhásaigh go dtí seo i mí na Nollag. 147 a bhásaigh ón ngalar mí na Samhna agus 120 duine a bhí i gceist mí Dheireadh Fómhair.

223 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 28 acusan in aonad dianchúraim.

Bhain 27 de chásanna nua an lae inniu le Dún na nGall, 16 cás a bhí i nGaillimh, 13 cás i bPort Láirge, 10 gcás a bhí i gCorcaigh agus naoi gcás a bhí i Maigh Eo. Níos lú ná cúig chás a bhí i gcontae na Mí agus ní raibh aon chás nua den Covid-19 le fógairt i gCiarraí inniu.

Bhain 76 de 242 cás an lae inniu le Baile Átha Cliath.

Is in Éirinn anois atá an ráta coicíse is ísle san Aontas Eorpach – 80.4 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Is i nDún na nGall go fóill atá an ráta coicíse is airde sa stát agus ráta 232 i gceist sa chontae sin. Deimhníodh 370 cás nua i nDún na nGall le coicís anuas.

Tá na contaetha Gaeltachta eile uile faoi bhun an mheánráta náisiúnta. Ráta 74 atá i Maigh Eo, 73 atá i bPort Láirge agus 55 atá i nGaillimh. Ráta 50 atá i gcontae na Mí, 35 atá i gCorcaigh agus 29 atá i gCiarraí.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh naonúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 397 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

386 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 29 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 99% de na leapacha ansin lán inniu.

3,158 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,099 duine ó dheas den teorainn agus 1,059 duine ó thuaidh di.

125,009 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 74,468 cás ó dheas agus 129, 912 ó thuaidh.

 

Fág freagra ar '242 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, bás ar bith eile le fógairt don dara lá as a chéile'