Rinneadh 24 iarratas ar fud na tíre ar scrúdú tiomána i nGaeilge anuraidh, de réir figiúirí nua.
De réir na bhfigiúirí a fuair RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, ní bhfuarthas ach iarratas amháin ar scrúdú tiomána i nDún na nGall, deich n-iarratas ó Chontae na Gaillimhe agus trí iarratas ó chontaetha Mhaigh Eo agus na Mí.
Rinneadh ocht gcinn de na deich scrúdú a rinneadh i nGaillimh sa chathair, ceann amháin i mBaile Locha Riach agus an ceann eile i dTuaim. Rinne beirt scrúdú i nGaeilge san Uaimh i gContae na Mí agus rinne duine amháin scrúdú i nGaeilge i mBéal an Átha i Maigh Eo.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo anuraidh go raibh iarrthóir amháin os cionn naoi seachtaine ag fanacht le scrúdú tiomána a dhéanamh, cé go ndúirt an RSA féin gur ceithre seachtaine an t-achar is faide a bhí duine ar an liosta feithimh.
Tugadh le fios do Tuairisc.ie anuraidh go bhfuil triúr scrúdaitheoirí fostaithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre atá in ann scrúdú as Gaeilge a chur ar iarrthóirí ar cheadúnas tiomána.
Bíonn fanacht ocht go deich seachtaine ar iarrthóirí a chuireann isteach ar an scrúdú a dhéanamh as Gaeilge, agus dúirt urlabhraí ón RSA go bhfuil sé “tábhachtach a lua go mbíonn an fanacht céanna, nach mór, ar iarrthóirí ar mhaith leo an scrúdú a dhéanamh as Béarla”.
Dúirt duine amháin a rinne an scrúdú i nGaeilge anuraidh le Tuairisc.ie go raibh an fanacht chomh fada céanna air is a bheadh ar dhuine a chuirfeadh isteach ar an scrúdú i mBéarla cé nach raibh an líon céanna daoine ag cur isteach ar an tástáil i nGaeilge.
“Dúradh liom go raibh an fanacht chomh fada céanna toisc nach raibh ach scrúdaitheoir amháin sa tír seachas duine i ngach ceantar. Bhí mo scrúdaitheoir gafa le sochraid nó rud éicint ar lá mo scrúdaithe agus ní raibh siad in ann duine eile a fháil a dhéanfadh i nGaeilge é. Mar sin b’éigean dom fanacht arís toisc nach mbeadh sé ar ais sa cheantar ago ceann cúpla seachtain agus bhí an lá sin lán le hiarrthóirí eile.
“Ach mura raibh ach 23 duine eile a chuir isteach ar an scrúdú ar fud na tíre, mar atá siad anois a rá, ní chreidim é sin níos mó,” a dúirt an t-iarrthóir.
Mar sin féin, mhol an tiománaí nuacháilithe do dhuine ar bith ar spéis leo an scrúdú a dhéanamh i nGaeilge cur isteach air.
“Bhí ábhar tacaíochta ar fáil don fhoghlaimeoir, ach bhí sé deacair teacht ar mhúinteoir le Gaeilge. Nuair a tháinig mé ar dhuine, ní raibh sé éasca ranganna a eagrú leis toisc go raibh sé ag teacht as ceantar eile, agus d’fhanadh sé go dtí go mbíodh cúpla duine ag lorg ceachta an t-aon lá amháin. Níl sé riachtanach ranganna a dhéanamh i nGaeilge leis an scrúdú a dhéanamh i nGaeilge ach chabhródh sé le stór focal agus araile.
“Mholfainn do dhuine an scrúdú Gaeilge a dhéanamh. Ní chuirfidh sé moill mhór ort toisc go bhfuil na liostaí chomh fada sin, pé acu Béarla nó Gaeilge do mhian, agus seans go bhfaighidh tú dáta i bhfad níos sciobtha,” a dúradh.
Eoin Ó Riain
Ní nach íonadh. Teachtaireacht láidir arís: “Labhair Gaeilge eadraibh féin ach labhair Béarla linne!”
Bhí an fadhb céanna agam-sa athnuachán a dhéanamh ar mo cheadúnas – bíonn ort agallamh a dhéanamh agus tógann siad do phictiúir. Tá sé éasca go leor i mBéarla ach i nGaeilge is beag ná go raibh mo cheadúnas imithe in éag sular éirigh leo duine a bhí sásta déileál liom sa Teanga Náisiúnta.
Agus ní thagann an dream a thugann amach na ceadúnais, An tSeirbhís Náisiúnta un Cheadúnais Tiomána, faoi dlínse nó údarás An Chomisinéara Teanga.