24 duine eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú cásanna deimhnithe le breis is 50 lá

1,935 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,488 duine ó dheas den teorainn agus 447 ó thuaidh di

24 duine eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú cásanna deimhnithe le breis is 50 lá

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 24 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart níos túisce tráthnóna go raibh naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,935 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,488 duine ó dheas den teorainn agus 447 ó thuaidh di.

Triúr ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal. 

107 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna, an líon is lú cásanna nua a fógraíodh aon lá ón 21 Márta, 52 lá ó shin.

27,435 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 23,242 cás ó dheas den teorainn agus 4,193 cás ó thuaidh.

Faoi mheán oíche Dé Luain, 258,808 tástáil don ghalar a bhí déanta ó dheas.

Rinneadh 44,047  tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 1,466 duine, nó 3.3% de na daoine a tástáladh, i gcomparáid le 3.7% seachtain ó shin.

Dúradh gur féidir 90,000 tástáil a dhéanamh in aghaidh na seachtaine anois.

Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL) gur dea-scéal é nach raibh aon mhéadú mór tagtha ar líon na ndaoine a lorg tástáil nó ar líon na ndaoine a deimhníodh go raibh an galar orthu in ainneoin go raibh na critéir do thástáil níos boige ná mar a bhí.

Ó tháinig na hathruithe i bhfeidhm an tseachtain seo caite tá i bhfad níos mó daoine i dteideal tástáil a fháil.

Maidir leis an méid ama a thógann sé toradh a fháil ar thástáil, dúirt de Gascun go raibh “go leor déanta, ach tuilleadh le déanamh”.

Sula dtosófar ar scaoileadh na srianta ar an 18 Bealtaine, táthar ag súil go mbeidh córas olltástála agus cuardaigh ann chun teacht go mear ar dhaoine atá buailte ag an ngalar agus ar dhaoine a raibh teagmháil acu leo.

Thug NPHET le fios go mbíonn moill cúig lá ar an meán ar thoradh tástála a fháil. 

An sprioc atá ag an húdaráis go mbeadh an toradh ar ais taobh istigh de thrí lá nó níos lú.

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go raibh baint le hionad cúraim ag 937 den 1,488 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 815 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

71 duine a raibh Covid-19 orthu a bhí sna haonaid dianchúraim ar maidin, ardú beag ó 69 duine aréir.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 23,089 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh:

  • Fir a bhí i gceist le 42% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 49 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,031 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 386 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 6,906 cás, nó 30%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 11,235 cás, nó 49%, bhí Cill Dara sa dara háit, le 1,337 cás, nó 6%, agus Corcaigh a bhí sa tríú háit le 1,234 cás, nó 5%
  • 400 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.7%), 305 a bhí i gcontae Chiarraí (1.3%), 474 cás bhí i nDún na nGall (2.1%), 143 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%) agus 769 cás a bhí i gcontae na Mí (3.3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 61% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 36% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%

Fág freagra ar '24 duine eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú cásanna deimhnithe le breis is 50 lá'