24 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 371 cás nua fógartha

Ní raibh cás nua ar bith le fógairt i gCiarraí tráthnóna agus is ann atá an dara ráta scaipthe is ísle sa stát 

24 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 371 cás nua fógartha

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 24 duine eile básaithe de dheasca an Covid-19.

Bhain 12 de bhásanna an lae inniu le mí an Mhárta, bhásaigh deichniúr an mhí seo caite agus bhain básanna beirte eile le mí Eanáir.

371 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

357 duine a bhí buailte ag an Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 76 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim. Cuireadh 25 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 492,106 duine agus an dara dáileog faighte ag 183,840 duine.

Ní raibh cás nua ar bith le fógairt i gCiarraí tráthnóna.

Bhain 27 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, 25 cás a bhí i nGaillimh agus 21 cás a bhí i gcontae na Mí.

16 cás a bhí i gCorcaigh, ocht gcás a bhí i bPort Láirge agus ní lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo.

Meánráta 158 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an ráta i gcontae na Mí (230) agus i nDún na nGall (218) níos airde ná an meánráta náisiúnta.

Ráta 149 atá i bPort Láirge, 138 atá i nGaillimh agus 58 atá i Maigh Eo. Ráta 48 atá i gCorcaigh agus 47 atá i gCiarraí, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe. 

Deimhníodh 174 cás nua den ghalar. 169 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 14 díobhsan in aonaid dianchúraim.

6,717 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,107 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,610 duine ó dheas di.

347,677 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 231,484 cás ó dheas den teorainn agus 116,193 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '24 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 371 cás nua fógartha'