23,817 cás nua den víreas fógartha, breis is 3,000 duine básaithe ó thuaidh

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

23,817 cás nua den víreas fógartha, breis is 3,000 duine básaithe ó thuaidh

23,817 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

941 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 13 duine níos mó ná mar a bhí ansin inné. Tá 90 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos lú ná mar a bhí inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. Fágann sin go bhfuil 3,002 duine anois tar éis bháis de dheasca an Covid-19 i dTuaisceart Éireann ó thús na paindéime.

6,877 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

404 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 30 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Meastar ag an tráth seo nach raibh duine as triúr de dhaltaí scoile na tíre i láthair ina gcuid ranganna inniu agus na bunscoileanna agus na hiarbhunscoileanna athoscailte tar éis na Nollag.

Níor tharla sé riamh cheana go raibh ar an oiread daltaí agus oidí fanacht sa mbaile de bharr treoracha féinleithlisithe na sláinte poiblí agus an Covid-19 ag scaipeadh go rábach ar fud na tíre. Tuairiscítear nach raibh duine as cúigear [20%] de mhúinteoirí na tíre ábalta freastal ar a scoil inniu.

Choinnigh roinnt tuismitheoirí a gclann sa mbaile ón scoil agus imní orthu go dtabharfaidís an víreas abhaile leo.

De réir na sonraí is déanaí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC), sna scoileanna a deimhníodh an dara líon is mó ráigeanna den Covid-19 anuraidh. I dtithe príobháideacha a bhí an líon is mó ráigeanna.   

Idir an 27 Meitheamh agus an 31 Nollaig 2021, deimhníodh 514 ráig i scoileanna i measc daltaí agus foireann na scoile. Ba mhó sin ná an 458 ráig a deimhníodh in ionaid oibre eile na tíre. I dtithe príobháideacha a deimhníodh 914 ráig sa tréimhse chéanna.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid inniu go raibh 8,500 d’fhoireann na Feidhmeannachta as láthair de bharr an Covid-19 ach go bhféadfadh go raibh an líon ceart a dhá oiread sin. Dúirt sé go raibh duine as ochtar den fhoireann i ngach rannóg as láthair ach go bhféadfadh gur duine as ceathrar an figiúr ceart.

As an 8,500 a deimhníodh a bheith as láthair óna gcuid oibre, altraí agus mná cabhrach 3,000 díobh.

Fág freagra ar '23,817 cás nua den víreas fógartha, breis is 3,000 duine básaithe ó thuaidh'