Ionadaíocht do gach ceantar Gaeltachta, baill thofa amháin agus scrúdú teanga molta do thoghchán an Údaráis

Tá 22 moladh ar fad déanta i dtuarascáil atá foilsithe ag Coiste Oireachtais na Gaeilge maidir leis an reachtaíocht atá beartaithe chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais

Ionadaíocht do gach ceantar Gaeltachta, baill thofa amháin agus scrúdú teanga molta do thoghchán an Údaráis

Tá molta ag Coiste Oireachtais gur tofa a bheadh baill uile Bhord Údarás na Gaeltachta, go mbeadh ionadaíocht ag gach ceantar Gaeltachta ar an mBord agus go mbeadh ar bhaill a gcumas Gaeilge a léiriú.

Tá na moltaí sin agus nach mór scór ceann eile le fáil sa tuarascáil atá foilsithe ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir leis an reachtaíocht atá beartaithe chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

D’iarr Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, ar an gcoiste grinnscrúdú réamhreachtach a dhéanamh ar cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) agus 22 moladh ar fad atá déanta sa tuarascáil tar éis don choiste sraith cruinnithe a reáchtáil le roinnt míonna anuas.

Ceann de na hábhair chainte is mó a bhí ann le linn an phlé sin ná an dualgas a bheadh le cur ar iarrthóirí don toghchán scrúdú Gaeilge a dhéanamh. Léiríodh imní go gcuirfeadh scrúdú riachtanach cainteoirí dúchais ó dhoras ach dúirt duine d’iarchathaoirligh an bhoird gur theastaigh ardchaighdeán Gaeilge ó chomhaltaí boird chun an t-eolas a chuirtear faoina mbráid a mheas go cuí.

Sa tuarascáil, deir Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh, gur “coinníoll docht neamh-intráchta é an coinníoll go mbeidh Gaeilge líofa fheidhmiúil i labhairt, léamh agus scríobh na Gaeilge, ag gach uile bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta”.

Moltar go gcuirfeadh Aire na Gaeltachta córas nua i bhfeidhm a ligfeadh d’iarrthóirí a léiriú go bhfuil Gaeilge fheidhmiúil acu. Luaitear go mbeadh baint ag an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) le léiriú an chumais sin agus nach mbeadh cead ag daoine nach bhfuil an cumas sin sa teanga léirithe acu seasamh do thoghchán an Údaráis.

De réir phlean an Rialtais bheadh caighdeán Gaeilge B2 faoin bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) ag teastáil ó iarrthóirí.

Moltar sa tuarascáil nua freisin gur bord iomlán tofa a bheadh i mBord Údarás na Gaeltachta agus go mbeadh baill air ó gach ceantar Gaeltachta ar fud na tíre.

Faoi láthair, tá sé i gceist triúr comhaltaí a thoghadh ó Ghaillimh, beirt ó Dhún na nGall agus duine amháin ó gach ceann de na cúig chontae Gaeltachta eile. Tá imní leirithe ag ionadaithe pobail go bhfágfaí ceantair Ghaeltachta bheaga, atá scoite amach ó cheantair níos mó, ar lár.

Mar réiteach air sin, tá Coiste Oireachtais na Gaeilge ag moladh go gcuirfí córas i bhfeidhm trína dtoghfar baill uile an bhoird, seachas an córas atá beartaithe, faoina dtoghfaí deichniúr ball agus go roghnófaí an seisear eile.

“Tuigeann an Comhchoiste an tábhacht a bhaineann leis an daonlathas agus leis an ionadaíocht fhorleathan nuair atá bord mar seo á chur le chéile,” a deir Ó Snodaigh.

“Mar sin, tá sé á mholadh ag an gComhchoiste go gcuirfear córas toghchánaíochta i bhfeidhm a chinnteoidh an ionadaíocht fhorleathan sin ó gach cúige, contae agus limistéar pleanála teanga ina bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu. Aithníonn an Comhchoiste an tábhacht ar leith a bhaineann leis an moladh seo i gcomhthéacs na gceantar beag Gaeltachta cosúil le hUíbh Ráthach, agus i gcomhthéacs thodhchaí agus inmharthanacht na gceantar beag Gaeltachta sin.”

D’iarr Aire Stáit na Gaeltachta go ndíreodh an coiste isteach ar conas a d’fhéadfaí cothromaíocht inscne a bhaint amach ar an mbord ach admhaítear sa tuarascáil gur theip ar an gcoiste teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige ar leith chun sin a chinntiú. Mar sin féin, moltar sa tuarascáil go gcuirfí beirt iarrthóirí ar aghaidh i ngach toghcheantar ina mbeidh níos mó ná suíochán amháin – bean agus fear – lena chinntiú go mbeidh comhionannas inscne ann.

I measc na moltaí eile atá déanta sa tuarascáil, moltar nach mbeadh cead ag comhairleoirí ó na húdaráis áitiúla ar fud na tíre seasamh don toghchán ach go gcuirfí liúntas saothair ar fáil do bhaill bhord an Údaráis a bheadh ar comhchéim leis an liúntas a chuirtear ar fáil do chomhairleoirí contae.

Moltar freisin nár cheart srian a chur ar líon na n-uaireanta is féidir le hiarrthóir seasamh, agus a bheith tofa, i dtoghchán an Údaráis, beag beann ar cé mhéad uair a bhí an duine sin ar an mbord roimhe sin. Deirtear sa tuarascáil seo freisin gur cheart cead a thabhairt do dhaoine nach bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht seasamh sa toghchán.

Fág freagra ar 'Ionadaíocht do gach ceantar Gaeltachta, baill thofa amháin agus scrúdú teanga molta do thoghchán an Údaráis'

  • An Teanga Bheo

    Daonfhlathas ? nó bhfuil aon bhaol ann ?

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Cén fáth an mbeadh scrúdú Gaeilge i gceist murach go gceapann an státchóras go bhfuil cosa na Gaeilge nite? Cur i gcéill: ‘Rinneamar ár ndícheall’, ‘ní orainne atá an locht gur éag sí’, ‘féach céard a rinne muid le í a choinneáil beo!’ Níochán lámh, aithrí Phíolóit. An bhfuiltear ag moladh dhá stát chóras anois? An ceann Gaeilge le scrúduithe teanga(Gaeilge), an ceann Béarla gan scrúduithe teanga (Béarla). An mbeidh gá do TDs na tíre scrúdú Gaeilge (nó Béarla) a phasáil sula mbeidh cead isteach acu i nDáil Éireann? Agus má dhéantar reachtaíocht den bhille seo, cá bhfágann sé sin muid agus dlí na hEorpa, an dlí is uachtaraí ar fad? Cén fáth go mbeadh scrúdú teanga (Gaeilge) i gceist sa gceantar (An Ghaeltacht) ina labhartar ceann de theangacha oifigiúla an AE? Chac sibh go tréan ar na huibheacha, a chairde.