235 cros bhán curtha in airde i ngort i gCorca Dhuibhne mar agóid faoi chúrsaí cead pleanála

Gníomh agóide atá i saothar ealaíne pobail i mBaile na bPoc a bhaineann le cás cead pleanála an cheoltóra aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich

235 cros bhán curtha in airde i ngort i gCorca Dhuibhne mar agóid faoi chúrsaí cead pleanála

Tá radharc neamhghnách le feiscint i nGaeltacht Chorca Dhuibhne faoi láthair agus 235 cros bhán curtha anairde i ngort i mBaile na bPoc chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála sa cheantar.

Gníomh agóide atá sa saothar ealaíne pobail a bhaineann le cás an cheoltóra aitheanta as Baile na bPoc, Breanndán Ó Beaglaoich, a bhfuil ráite aige go mb’fhearr leis dul chun príosúin ná géilleadh d’ordú Chomhairle Contae Chiarraí a thigh soghluaiste adhmaid a bhogadh.

Seasann na crosanna don líon daoine a bhí ina gcónaí i mBaile na bPoc roimh an nGorta Mór – 235 in 1841. Tá 12 cros dhearg curtha in airde leis sa ghort a dtugtar an Léinseach air agus seasann na crosanna sin do líon na ndaoine atá ag maireachtáil i mBaile na bPoc sa lá atá inniu ann.

Breanndán Ó Beaglaoich

Agus gan fágtha sa bhaile fearainn i bParóiste Mórdhach ach timpeall dháréag, deir Breanndán Ó Beaglaoich go leanfaidh sé dá fheachtas ar mhaithe lena chlann agus le daoine óga sa Ghaeltacht a ndiúltaítear cead pleanála dóibh ar a dtalamh féin.

Thóg an ceoltóir an tigh adhmaid ar leantóir leoraí in 2015 i ndiaidh dó 13 bliain a chaitheamh i mbun iarratas ar chead pleanála chun tigh a thógaint ar fheirm a mhuintire mar a rugadh agus a tógadh é.

Maíonn Comhairle Contae Chiarraí go bhfuil an tigh ag cur isteach an iomarca ar an tírdhreach agus go bhféadfadh nós a bhunú i dtaobh forbairt ribíneach fho-uirbeach i gceantar oscailte leochaileach.

Tá séanta ag an gComhairle go bhfuil aon éagóir á déanamh ar mhuintir na Gaeltachta i dtaobh cead pleanála agus deir siad gur ceadaíodh 70% de na hiarratais ar chead pleanála sa cheantair idir Márta 2015 agus 31 Nollaig 2019.

Fág freagra ar '235 cros bhán curtha in airde i ngort i gCorca Dhuibhne mar agóid faoi chúrsaí cead pleanála'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Maíonn Comhairle Contae Chiarraí gur ceadaíodh 70% de na hiarratais idir 2015 agus deireadh 2019. Bí cinnte gur tithe saoire an-chuid acu siúd agus go bhfuil cuid mhaith de chosmhuintir na Gaeltachta áirithe sa 30% a diúltaíodh dóibh.
    Ní féidir aon mhuinín a bheith ag pobal na Gaeltachta i gcóras pleanála Chomhairle Contae Chiarraí, bíodh san ar an dtalamh nó go fadtéarmach. Níl éinne sa rannóg pleanála le Gaeilge ar a thoil acu chun aon phlé a bheith le duine ón nGaeltacht, agus is beag suime atá ag an gComhairle i gcoitinne sa Ghaeilge. Ar liosta riachtanaisí na Comhairle, is tábhachtaí córas séarachais ná an teanga.
    Ní bheidh aon réiteach ar an gceist leanúnach chunspóideach seo go dtí go mbeidh inchur ag pobal na Gaeltachta trí Údarás (le dealramh) na Gaeltachta, atá ró-chiúin in ainneoin iad aitheanta sa chóras pleanála mar chomhlucht reachtúil.

  • Daithi Mac Carthaigh

    Dá gcaithfí leis an té a bhfuil Gaeilge líofa aige mar dhuine a bhfuil riachtanas áitiúil aige agus cead pleanála á lorg, leigheasfaí cuid mhaith den fhadhb.