Tá cuid mhaith scáthdhornálaíochta ar siúl ag formhór na gcontaetha

Ag díriú ar an gcraobhchomórtas a bheidh ag tosú i gceann sé seachtaine atá formhór na bhfoirne i Roinn 1, ach ní shin le rá nach bhfuil ceacht nó dhó le foghlaim

Tá cuid mhaith scáthdhornálaíochta ar siúl ag formhór na gcontaetha

I ndiaidh sos coicíse tá cluichí againn arís an deireadh seachtaine seo. Mar a scríobh mé seachtain ó shin, tá caint dhiúltach go leor faoin tsraith go dtí seo. Déarfainn féin go bhfuil cuid mhaith scáthdhornálaíochta ar siúl agus formhór na gcontaetha i Roinn 1 ag díriú ar an gcraobhchomórtas a bheidh ag tosú i gceann sé seachtaine, creid é nó ná creid.

Mar sin féin, measaim nach mbeidh mórán cur i gcéill ar siúl in FBD Staid Semple anocht agus Port Láirge ar cuairt. Ní bheidh na Déise ag teacht ar agus iad ar nós Cuma liom faoin toradh, go háirithe agus Davy Fitzgerald i gceannas. D’fhéadfainn an rud céanna a scríobh faoi Liam Cahill. Tá an bheirt acu ina gcéad séasúr agus iad faoi bhrú. Cathfidh siad a chinntiú go bhfuil na himreoirí is fearr sa chontae acu agus caithfidh cultúr an bhua a chruthú in achar gearr. Caithfear a rá go bhfuil na Tiobraid Árannaigh ag dul go maith, pé foireann a chuireann siad chun páirce. Tá faobhar san imirt acu agus iad an-eagraithe.

Caithfidh go bhfuil méid mhór traenála déanta ag na Déise freisin. Cosúil le Tiobraid Árann tá cuma eagraithe orthu agus slám mór imreoirí úsáidte acu sna trí cluiche atá imeartha acu. Bheinn ag súil le hiomaíocht ghéar ansin.

Is dócha go bhfuil an cluiche is tábhachtaí an deireadh seachtaine seo i roinn 1b i bPáirc Corrigan Bhéal Feirste agus Laois chun tabhairt faoin bhfoireann baile. Tá an dá fhoireann seo dealbh ag bun an tábla. Go dtí seo is féidir a rá go raibh Aontroim an-iomaíoch agus cuid mhaith den mhí-ádh ag rith leo. Beidh an fhoireann a chaillfidh an cluiche seo (má bhíonn buaiteoir ann) ag bun an tábla agus tá sé beagnach cinnte gurb iad a bheidh sa chluiche dícháilithe i gcoinne na hIarmhí atá ag bun Roinn 1a agus is dócha a bheidh fós ansin amárach i ndiaidh an chluiche i gcoinne Luimnigh agus i ndiaidh an chluiche sraithe deireanach i gcoinne na Gaillimhe. Agus mar dhuais don fhoireann a chaillfidh an cluiche dícháilithe sin beidh áit acu i Roinn 2a an bhliain seo chugainn.

Beidh an Ghaillimh i bPáirc Uí Chíosóg in Inis amárach agus iad ag iarraidh form níos fearr a léiriú i ndiaidh taispeántas a bhí leamh go leor i gcoinne Luimnigh coicíos ó shin. Beidh fonn ar An Clár comharthaí a thabhairt go bhfuil siad ag teacht isteach ar a bheith i ndea-chaoi agus ag leanúint an ardtaispeántais a thugadar i gcoinne Loch Garman le ceann dá leithéid amárach. Bheinn ag súil le cluiche iomaíoch.

Rachaidh na Carmannaigh go Páirc Uí Chaoimh agus iad faoi bhrú. Ní hé gur chailleadar an cluiche deireanach ach fuaireadar crústáil cheart. Bhraitheadar uathu  Rory O’Connor, Liam Ryan agus Lee Chin an lá deireanach ach bunaithe ar an taispeántas sin, tá mórán le déanamh acu. Feicfimid conas mar a bheidh acu i gcoinne Chorcaí atá ar bharr an tábla ach nach raibh go hiontach i gcoinne na hIarmhí sa chluiche deireanach.

Beidh Áth Cliath ag taisteal go Páirc Uí Nualláin amárach agus iad ar thrí phointe sraithe. Tá Cill Chainnigh ar cheithre cinn. Má tá aird ar aon bhainisteoir nua i mbliana is ar Derek Lyng atá sé agus é ag déanamh iarrachta bróga Brian Cody a líonadh. Dar ndóigh ní dhéanfaidh sé é sin, ach tá leantóirí na gCat ag súil le dul chun cinn faoi Lyng. Tá an séasúr gearr agus níorbh aon údar mór suntais iad go dtí seo. Ach beidh seans acu amárach, os comhair a gcuid leantóirí féin sa bhaile, a léiriú go bhfuil siad ar an mbóthar ceart.

Sa chluiche eile i Roinn 1A is beag seans atá ag An Iarmhí i gcoinne sheaimpíní na hÉireann, Luimneach.

Fág freagra ar 'Tá cuid mhaith scáthdhornálaíochta ar siúl ag formhór na gcontaetha'