23% de chomhairleoirí sa Ghaeltacht atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge

Gaeilge ag 23% de na comhairleoirí a toghadh i dtoghcheantair Ghaeltachta sna toghcháin áitiúla mí na Bealtaine.

23% de chomhairleoirí sa Ghaeltacht atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge

De réir taighde atá déanta ag Tuairisc.ie i measc na bpáirtithe go léir, tá Gaeilge líofa ag 15 den 60 duine ar éirigh leo suíochán a fháil sna toghcheantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Tá ceantair Ghaeltachta Dhún na nGall i gceithre thoghcheantar – Sraith an Urláir, Dún na nGall, Baile na nGallógach agus Na Gleannta – agus 21 suíochán a bhí le líonadh.

Cainteoir líofa Gaeilge a toghadh i gceithre cinn de na suíocháin sin agus ba i dtoghcheantar na nGleanntach, a toghadh an ceathrar acu. Tá mórchuid na gcomhairleoirí, 60%, a toghadh sna Gleannta ina gcainteoirí Gaeilge – Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, John Shéamuis Ó Fearraigh, Noreen McGarvey, agus Anthony Molloy.

I gcás thoghcheantar Gaeltachta Chonamara, Conamara Thuaidh agus Conamara Theas, ceathrar as naonúr comhairleoirí atá líofa sa Ghaeilge – Pádraig Mac an Iomaire, Dáithí Ó Cualáin, Séamus Walsh agus Tomás Ó Curraoin.

Tá cúigear de na comhairleoirí a toghadh ina gcónaí i gcomharsanacht thíreolaíoch chathair na Gaillimhe – Thomas Welby, Séamus Walsh, Alastair McKinistry, Noel Thomas agus Tomás Ó Curraoin.

Beirt chomhairleoirí contae atá ina gcónaí in iarthar Chonamara, ceantar an Chlocháin agus Bhaile Conaola, Gerry King agus Eileen Mannion.  Níl cónaí ar chomhairleoir ar bith i réimse mór den dá cheantar láidir Gaeltachta i gConamara – Iorras Aithneach agus Ceantar na nOileán.  

I gCiarraí tá Gaeilge líofa ag beirt den triúr comhairleoirí a toghadh i gCorca Dhuibhne. Tharraing duine den triúr sin, an comhairleoir contae nuathofa de chuid Fhianna Fáil, Breandán Fitzgerald, aird ar cheist na hateangaireachta agus na Gaeilge sna húdaráis áitiúla sna contaetha Gaeltachta nuair a thug sé a chéad óráid sa chomhairle i nGaeilge.

I dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, Gaeilgeoir amháin, Norma Moriarty, Fianna Fáil, a toghadh.

I dtoghcheantar Mhaigh Chromtha in iarthar Chorcaí, mar a bhfuil na ceantair Ghaeltachta Baile Bhuirne, Cúil Aodha, Béal Átha an Ghaorthaidh agus Cill na Martra, tá Gaeilge ag beirt den seisear comhairleoirí a toghadh; Gobnait Ní Mhuineacháin agus Eileen Lynch. Níor toghadh aon chomhairleoir le Gaeilge i dtoghcheantar Sciobairín, áit a bhfuil Gaeltacht Chléire.

I nDún Garbhán, toghcheantar ina bhfuil Gaeltacht na Rinne agus An tSean-Phobail, tá Gaeilge ag beirt den seisear comhairleoirí a toghadh ar Chomhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge; Séamas Ó Domhnaill agus Conor McGuinness.

I dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil Gaeltacht na Mí, toghadh seachtar comhairleoirí ach níl aon Ghaeilgeoir líofa ina measc.

Níl Gaeilge ach an oiread ag aon duine de na comhairleoirí a toghadh i dtogcheantar Bhéal an Mhuirthead, ina bhfuil ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo.

Is ionann cainteoir líofa Gaeilge sa taighde seo agus aon chomhairleoir ar tugadh le fios fúthu go raibh dóthain líofachta sa teanga acu chun agallamh a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge amhail Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4.

De réir an taighde nua a rinne Tuairisc.ie ag Fianna Fáil is mó atá cainteoirí líofa Gaeilge sna húdaráis áitiúla agus 27 comhairleoir acu ar fud na tíre a deir go bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge. Is ionann sin agus nach mór 10% den 279 iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a toghadh mí na Bealtaine.

Foilsíodh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo liosta den os cionn 50 Gaeilgeoir i measc an 949 comhairleoir a toghadh mí na Bealtaine seo caite.

Comhairleoirí líofa Gaeilge sa Ghaeltacht

Gaeltacht Chorcaí (2/11)

Toghcheantair: Maigh Chromtha agus Sciobairín (11 suíochán)

Gobnait Moynihan (Fianna Fáil)
Eileen Lynch (Fine Gael)

Gaeltacht Dhún na nGall (4/21)

Toghcheantair: Srath an Urláir, Balla na nGallóglach, Dún na nGall agus Na Gleannta (21 suíochán)

Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig (Neamhspleách)
John Shéamuis Ó Fearraigh (Sinn Féin)
Noreen McGarvey (Fiann Fáil)
Anthony Molloy (Fianna Fáil)

Gaeltacht Phort Láirge (2/6)

Toghcheantar: Dún Garbhán (6 shuíochán)

Conor D. McGuinness (Sinn Féin)
Séamus O’Donnell (Neamhspleách)

Gaeltacht Mhaigh Eo (0/3)

Toghcheantar: Béal an Mhuirthead (3 shuíochán)

Níl duine ar bith le Gaeilge

Gaeltacht na Mí (0/7)

Toghcheantar: Ceannanas (7 suíochán)

Duine ar bith

Gaeltacht Chonamara (4/9)

Toghcheantair: Conamara Theas agus Conamara Thuaidh (9 suíochán)

Pádraig Mac an Iomaire (Fine Gael)
Dáithí Ó Cualáin (Fianna Fáil)
Tomás Ó Curraoin (Poblacht Shinn Féin)
Séamus Walsh (Fianna Fáil)

Ciarraí (3/9)

Toghcheantar: Corca Dhuibhne (3 shuíochán)

Breandán Fitzgerald (Fianna Fáil)
Séamus Cosaí Fitzgerald (Fine Gael)

Toghcheantar: Neidín  (6 shuíochán)

Norma Moriarty (Fianna Fáil)

Fág freagra ar '23% de chomhairleoirí sa Ghaeltacht atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge'

  • Brigid

    I ndeireadh na dála toghtar polaiteorí chun seirbhís a dhéanam don phobal- is ar an phobal agus an córas oideachais atá an locht- ag foghlaim na Gaeilge ar feadh 112 bliana ar a laghad-agus níl siad in ann comhrá a dhénamh sa teanaga??? Bíonn faitios orm fhéin mar tá mé as cleachtadh le labhairt agus scríobh na Gaeilge- mar sin tuigim an mí-mhuinín a bhaineann le sin agus chomh neirbhiseach a bheifeá- ach is rud difriúil é nuair is fostaí sa tseibhís phoiblí thú agus nach bhfuil sé ar do chumas teanga dhúchais do thír féin a labhairt….Caithfidh tú é a thuilleadh-tá a lán cúrsaí le fáil chun an tenaga a athfhoglaim-ach má tá tú lonnaithe sa Ghaeltacht ba cheart duit iarracht níos treise a dhéanamh- Is Beatha Teanga Í a Labhairt! Iarracht foirne atá ann ós comhair an t-saoil!
    Tá obair thar chinn á dhénamh ag an foilseachán seo-ailt a bhíonn go leor eolais iontu fá choinne daoine atá ag iarraidh tacíocht a thabhairt don teanga-agus í a athfhoglaim ag an am ch éanna- maith sibh!