23 cluiche thar cheithre lá – amchlár na gcluichí fógartha do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017

Tá na socruithe uile déanta anois do chluichí Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017 a bheidh ar siúl i dTuar Mhic Éadaigh an mhí seo chugainn

23 cluiche thar cheithre lá – amchlár na gcluichí fógartha do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017

Tá amchlár na gcluichí do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017 fógartha tráthnóna ag lucht eagraithe an chomórtais.

Is i dTuar Mhic Éadaigh i gCo. Mhaigh Eo a bheidh comórtas na bliana seo, idir an 2-5 Meitheamh. Glacfaidh 28 foireann páirt sa chomórtas agus beidh 23 cluiche á n-imirt thar cheithre lá, idir chomórtais shinsir agus shóisir na bhfear agus na mban, agus chomórtas idirmheánach na mban.

Is iad foirne sóisir Rinn Mhaoile agus Acla a chuirfidh tús leis an gcomórtas ar an Aoine agus aghaidh á tabhairt acu ar a chéile i gcluiche réamhbhabhta.

Dé Sathairn an lá is gnóthaí den deireadh seachtaine agus 14 cluiche le himirt idir 10.30 ar maidin agus 7.15 tráthnóna.

Imreofar na cluichí ceathrú ceannais i gcomórtas sinsir na bhfear an tráthnóna sin. Tabharfaidh Cill na Martra aghaidh ar Oileáin Árann (12.15 i.n.) agus imreoidh Cloich Cheann Fhaola i gcoinne Naomh Conaill (2.00 i.n.). Beidh An Ghaeltacht i gcoinne Bhéal an Mhuirthead (2.00 i.n.) agus casfaidh an Rinn ar fhoireann Bhulf Tón na Mí (3.45  i.n.).

Beidh lá cruógach ag foirne sóisir na bhfear ar an Satharn agus réamhbhabhtaí agus cluichí ceathrú ceannais le críochnú an lá sin. Tabharfaidh na Gaeil Óga aghaidh ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh an chéad rud ar maidin (10.30 r.n.) agus ag an am céanna, imreofar na cluichí réamhbhabhta idir Móin Dearg agus Naomh Náille agus Clann na nGael agus Na Dúnaibh. Beidh buaiteoirí na gcluichí sin, chomh maith le buaiteoir chluiche na hAoine idir Rinn Mhaoile agus Acaill, ar ais ar pháirc na himeartha arís oíche Dé Sathairn agus dhá cheann de na cluichí ceathrú ceannais á n-imirt.

Bronnfar an chéad chorn den deireadh seachtaine ar an Satharn agus cluiche ceannais idirmheánach na mban á imirt idir an Fhairche agus Naomh Conaill. Imreofar cluiche leathcheannais sinsir na mban idir Gleann Fhinne agus Baile Chláir (12.15 i.n.) an mhaidin chéanna, chomh maith le cluichí leathcheannais sóisir na mban. Beidh Naomh Anna, Leitir Móir i gcoinne Naomh Muire, Na Rosa i gceann de na cluichí leathcheannais sin agus tabharfaidh Tuar Mhic Éadaigh aghaidh ar Chill Chomáin sa cheann eile.

Imreofar cluichí ceannais sinsir agus sóisir na mban ar an Satharn chomh maith le cluichí leathcheannais na bhfear.

Cuirfear clabhsúr leis an gcomórtas le cluichí ceannais na bhfear Dé Luain. Imreofar cluiche ceannais na sóisear ag 2.00 i.n. agus imreofar cluiche ceannais na sinsear ag 4.00 i.n.


Fág freagra ar '23 cluiche thar cheithre lá – amchlár na gcluichí fógartha do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017'