Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise ó TG4

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Beidh spórt agus spraoi agus rogha do gach duine ar TG4 an Nollaig seo

Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise ó TG4

I gcaitheamh na Nollag ar TG4, beidh ceol, spórt agus spraoi agus rogha ann do gach duine idir fhaisnéis, spórt, cheol agus scannáin ó Oíche Nollag go dtí an séú Eanáir.

Craolfar clár nua eile Dessie: Glór na Bó Finne ar Oíche Lae Nollag ina ndéantar ceiliúradh ar cheol agus ar shaol an amhránaí cháiliúil, Dessie O’Halloran, á insint ag a chol ceathrair John Halloran.

Leanfar le Craobh Rugbaí Aontaithe ar Rugbaí Beo ar aghaidh i rith na Nollag chomh maith agus beidh craoladh beo Lá Fhéile Stiofáin ar Mhumha v Laighin ó Pháirc Thuamhan agus ar Lá Caille, tabharfaidh Ulaidh aghaidh ar Mhumha i Staid Kingspan.

Cuirfidh ceoltóirí mór le rá Paul Simon, Liam Neeson, PJ Harvey, Bono, Ruth, Negga, Iarla Ó Lionáird agus Paul Brady síos ar na heachtraí tábhachtacha a tharla i saol cruthaitheach an fhile sa chlár Paul Muldoon Laoithe ’s Liricí a chraolfar ar an 28 Nollaig.

Cé gur mhó aithne a bhí ar Percy French mar gheall ar na hamhráin ghrinn a scríobh sé, ba shiamsóir mór le rá, údar cumasach, file, seinnteoir bainseó agus péintéir tírdhreacha den scoth a bhí ann freisin a thaistil an domhan. Tabharfar léargas air sa chlár Percy French: Siúlach Scéalach  Lá Caille. Déanfar ceiliúradh ar shaol Willie Clancy agus ar 50 bliain de Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir i Willie Clancy: 50 Bliain den Cheol ar an 30 Nollaig.

Dubllin Football
Anton O’Toole
©INPHO/Billy Stickland

Beidh cuimhne agus ceiliúradh ar laoch spóirt Bhaile Átha Cliath sa chlár Anton O’Toole – Finscéal de Shaol GAA ar an 29 Nollaig, a thabharfaidh léargas ar shaol Anton O’Toole nó an Blue Panther mar a thugtaí air agus an ról tábhachtach a bhí aige ar fhoireann cháiliúil Átha Cliath a spreag athbheochan na peile Gaelaí.

Oíche Chinn Bliana, cuirfidh Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin fáilte roimh an mbliain nua ón Muileann i mBaile Bhuirne le John Spillane, Muireann Nic Amhlaoibh, Cór Chúil Aodha agus an Raw Bar Collective ar Fáilte 2023.

Beidh an chéad chraoladh teilfíse den scannán Foscadh ar an 2 Eanáir. Is iad Dónall Ó Héalaí, Fionnuala Flaherty, Cillian Ó Gairbhí agus Macdara Ó Fátharta aisteoirí an scannáin seo faoi stiúir Sheán Breathnach.

Fág freagra ar 'Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise ó TG4'