227 cás nua den choróinvíreas fógartha, an méadú is mó ón earrach ar othair ICU

224 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 38 acusan in aonad dianchúraim

227 cás nua den choróinvíreas fógartha, an méadú is mó ón earrach ar othair ICU

Tá 227 cás eile den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Cúigear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

224 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 38 acusan in aonad dianchúraim.

Ochtar a cuireadh in ICU le lá anuas, an méadú is mó in aon lá amháin ón earrach, a dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan. Dúirt sé gur “meabhrú eile” a bhí ansin ar a chontúirtí is a bhí an galar.

Bhain 26 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, deich gcás a bhí i gcontae na Mí agus deich gcás a bhí i nGaillimh. Ocht gcás a bhí i bPort Láirge, seacht gcás a bhí i Maigh Eo agus cúig chás a bhí i gCorcaigh. Níos lú ná cúig chás a bhain le Ciarraí don dara lá as a chéile.

70 den 227 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an Covid-19 sa stát faoi bhun 80. Ráta 79.5 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i gceist le coicís anuas.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall go fóill – 227.

78 an ráta i bPort Láirge, 76 atá i Maigh Eo agus 58 atá i nGaillimh. Ráta 49 atá i gcontae na Mí, 29 atá i gCorcaigh agus 27 atá i gCiarraí.

Creideann an Tánaiste Leo Varadkar go mbeidh paindéim an Covid-19 ceansaithe in 2021.

Agus é ag caint ar chlár Morning Ireland ar RTÉ, dúirt Varadkar gur údar dóchais a bhí sa lá inné agus vacsaín in aghaidh an choróinvíris á fáil ag daoine ar an oileán seo den chéad uair.

Dúirt sé go gcuirfeadh vacsaíní, tástáil fhorleathan agus breis eolais deireadh leis an víreas seo an chéad bhliain eile.

Dúirt sé go raibh conarthaí réamhcheannaigh ag an Rialtas le haghaidh 8 milliún dáileog de vacsaíní éagsúla. Faoin Aoine beidh plean gnímh agus feachtas scaipthe eolais thascfhórsa an Rialtais ar fáil.

Dúirt an Tánaiste nach le brú ná le díspeagadh a mheallfaí daoine leis an vacsaín a thógáil. Mheabhraigh sé gur vacsaíní a ghlan an póilió agus an bholgach as an tír seo agus a laghdaigh go mór scaipeadh galair éagsúla eile.

“Fuaireamar blaiseadh in 2020 faoin saol a bhí ann sular táirgeadh vacsaíní – na mílte ag fáil bháis, daoine faoi dhianghlasáil agus faoi choraintín, saol na meánaoise,” a dúirt an Tánaiste.

Dúirt Varadkar chomh maith go raibh sé cinnte go n-ardódh líon na gcásanna Covid-19 de bharr níos mó daoine a bheith ag cruinniú le chéile i rith shéasúr na Nollag ach nach uimhreacha amháin a chuirfeadh srianta breise i bhfeidhm. Sampla ar tharla tar éis cheiliúradh Fhéile an Altaithe i Meiriceá dá bhféadfadh tarlú anseo, dar leis.

“Déarfainn go bhfeicfimid níos mó cásanna den ghalar. Ní  féidir sin a sheachaint agus daoine ag meascadh arís. Ní taisteal thar sáile amháin atá i gceist, ach daoine i gcomhluadar a chéile arís i rith na Nollag.”

Agus an feachtas vacsaínithe tosaithe sa Ríocht Aontaithe tá fógra tugtha ag lucht leighis an NHS ansin nár chóir do dhaoine a mbíonn “ailléirgí tromchúiseacha” ag cur as dóibh vacsaín Pfizer/BioNTech a ghlacadh.

Eisíodh an fhainic sin tar éis don vacsaín frithghníomhú ailléirgeach a spreagadh i gcás beirt oibrithe sláinte a fuair an tsnáthaid inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh 12 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 483 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

425 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 31 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 100% de na leapacha ansin lán inniu.

3,187 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,102 duine ó dheas den teorainn agus 1,085 duine ó thuaidh di.

131,178 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 74,900 cás ó dheas agus 56,278 ó thuaidh.

Fág freagra ar '227 cás nua den choróinvíreas fógartha, an méadú is mó ón earrach ar othair ICU'

  • Darren Mag Aoidh

    227 + 483 = 710 cás nua sa tír.