226 cás nua fógartha, d’fhéadfadh go mbeidh gá le tréimhse eile ‘srianta diana’ mí Eanáir

Tá laghdú mór tagtha ar líon na gcásanna sa Tuaisceart mar a fógraíodh 79 cás nua den ghalar inniu

226 cás nua fógartha, d’fhéadfadh go mbeidh gá le tréimhse eile ‘srianta diana’ mí Eanáir

Tá 226 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Seisear eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Tá líon na gcásanna nua sa stát tite le roinnt laethanta anuas ach tá rabhadh tugtha ag an Taoiseach nach bhfuil an tír tagtha slán go fóill.

“Níl an dara maidhm tráite, ná baol air,” a dúirt Micheál Martin sa Dáil tráthnóna.

“Tá rud amháin ar eolas go maith againn anois, neamhaird a dhéanamh den víreas is cúis lena scaipeadh. Scaipfidh an víreas go han-tobann má cheapann tú nach bhfuil aon chontúirt ag baint leis.”

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go bhféadfadh go mbeadh “tréimhse ghairid srianta diana riachtanach i mí Eanáir”.

“Seans go raibh srianta Leibhéal 3 níos éifeachtaí ná mar a cheapamar ag an am, agus nach raibh Leibhéal 5 chomh héifeachtach agus a bhí á thuar, ach b’éigean na srianta sin a chur i bhfeidhm chun líon na gcásanna a laghdú,” a dúirt Varadkar.

“D’fhéadfadh go mbeadh tréimhse ghairid srianta diana riachtanach i mí Eanáir – ach ba chóir dúinn an-iarracht a dhéanamh ionas nach gá na srianta sin a bheith i bhfeidhm i bhfad.”

Bhain 41 den 226 cás nua a deimhníodh inniu le Dún na nGall. Seacht gcás a bhí i gceist i bPort Láirge, sé chás a bhí i nGaillimh agus sé chás a bhí i gCorcaigh.

Bhí níos lú ná cúig chás nua le fógairt i gCiarraí, i Maigh Eo agus i gcontae na Mí. 64 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

Bhí idir 0-5 cás den Covid-19 i níos mó ná leath de na 26 contae, de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Tá ráta coicíse an ghalair sa stát anois ag 108 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta coicíse i nDún na nGall imithe suas ó 227 inné go dtí 240 inniu.

Tá an ráta i bPort Láirge anois ag 151 agus ráta 117 atá i gceist i gcontae na Mí.

Tá an ráta i Maigh Eo tite go dtí 89, 81 atá i gCorcaigh, 65 atá i nGaillimh agus 61 atá i gCiarraí.

292 duine atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil agus 36 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá sé i gceist na bearta dianghlasála a scaoileadh i dtrí chéim mí na Nollag, de réir tuairiscí.

De réir na dtuairiscí sin, beidh cead ag daoine cuairt a thabhairt ar líon tí eile agus sa tríú céim níos gaire don Nollaig beidh cead ag daoine taisteal taobh amuigh dá gcontae féin.

Tuairiscítear áfach nach ndéanfar cinneadh deiridh faoi scaoileadh na srianta go dtí Dé hAoine.

Meastar gurb amhlaidh a chuirfear comhairle ar fáil don phobal conas sásamh a bhaint as an Nollaig leis an teaghlach seachas rialacha diana a chur i bhfeidhm.

Ceaptar go dtabharfar rabhadh do dhaoine níos deireanaí sa tseachtain faoina thábhachtaí atá sé teagmháil fhisiciúil a sheachaint, fanacht amach ó dhaoine agus aeráil mhaith a dhéanamh ar sheomraí ina mbíonn daoine ag teacht le chéile.

Tá tuairiscí ann go ndúirt an Taoiseach leis an Rialtas inniu go mbeadh sé ag moladh srianta leibhéal a 3 a thabhairt isteach an tseachtain seo chugainn.

Meastar go bhféadfadh go mbeadh cead athoscailte ag siopaí, ionaid aclaíochta agus gruagadóirí sa gcéad chéim de na srianta nua an tseachtain seo chugainn.

D’fhéadfadh gur sa dara céim an tseachtain dár gcionn a thabharfaí cead oscailte do bhialanna agus tithe tábhairne a chuireann bia ar fáil.

Bhí cruinniú ag triúr ceannairí pháirtithe an chomhrialtais aréir agus bhíodar ar aon intinn go bhféadfaí srianta leibhéal a 5 a scaoileadh ag tús na míosa.

Pléadh an maolú sin ag cruinniú Rialtais inniu agus nuair a bheidh an chomhairle ó NPHET faighte ag an Rialtas, déanfar cinneadh faoin gcur chuige is fearr leis an maolú a bhainistiú.

Thug NPHET an cruinniú a bhí le bheith acusan Déardaoin chun cinn agus is amárach a bheidh sé ar siúl.

Rinneadh cinneadh ag an gcruinniú Rialtais inniu go mbeadh fáil ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime go deireadh an Mhárta.

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys go ndearnadh an cinneadh sin le “dóchas a thabhairt do dhaoine”, go háirithe iadsan a bheadh ag filleadh ar an obair mí na Nollag agus b’fhéidir iad dífhostaithe arís san athbhliain.

“Má bhíonn an PUP ar fáil ag daoine nua, cinnteoimid nach mbeidh imní ar dhaoine filleadh ar an obair ar fhaitíos nach mbeidís i dteideal an PUP ina dhiaidh sin,” a dúirt an tAire Humphreys.

Tá breis is  €4.3 billiún íoctha le daoine nach raibh ábalta dul ag obair de bharr na paindéime ó tugadh isteach an scéim cúnaimh seo sa Mhárta seo caite.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 11 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

Thit líon na gcásanna nua go mór agus 79 cás nua den ghalar  deimhníodh sa Tuaisceart inniu. Fógraíodh 549 cás nua ansin Dé Máirt seo caite

445 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 37 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 99% de na leapacha ansin lán inniu.

2,971 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,028 duine ó dheas den teorainn agus 943 duine ó thuaidh di.

121,073 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 70,930 cás ó dheas agus 50,143 ó thuaidh.

Fág freagra ar '226 cás nua fógartha, d’fhéadfadh go mbeidh gá le tréimhse eile ‘srianta diana’ mí Eanáir'

  • Antóin

    Rabhadh eile tugtha ag an Taoiseach! Bagairt srianta diana breise ó Thánaiste na gcannaí beorach sa pháirc agus Heather Humphries ag tabhairt dóchás do dhaoine! Sorcas críochnaithe.

    Pléascfaidh mé, pléascfaidh mé mar a dúirt duine de na carachtair in Cré na Cille.

    Is cosúil nach n-éisteann siad lena gcuid máistrí fiú. Dúirt an tOllamh David Nabarro, toscaire speisialta ón WHO, nach raibh ach toradh amháin ar dhianghlasáil; an bás, agus d’impigh sé ar cheannairí an domhain gan dianghlasáil a chur i bhfeidhm. Is measa faoi dhó a bheidh bochtanas domhanda dar leis. Beidh na boicht níos boichte. Beidh tuilleadh páistí ag fáil bháis den ocras, teaghlaigh bhochta gan a bheith in ann bia a chur ar an mbord, páistí ag fulaingt de dheasca míchothaithe, na mílte ag fáil bháis toisc gur cuireadh moill ar obráidí riachtanacha, gan trácht ar na mílte a scuabfar ar shiúil toisc go gcaillfidh siad dóchás, go mí-úsáidfaidh siad alcóil nó go gcuirfidh siad lámh ina mbás féin toisc nach bhfeiceann siad ráth na rathúnas i ndán dóibh.

    Ach nach cuma do na polaiteorí atá ag tochas ar a gceirtlín féin, ag gabháil ar aghaidh lena saol, ag teacht is ag imeacht mar is mian leo agus ag satailt ar ár gcuid cearta.

    Agus cad a tharlóidh ar an Aoine? Déarfaidh siad linn conas conas sásamh a bhaint as an Nollaig!
    Tá mé ag pléascadh!